|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.I gcás ina ndéanfaidh TLU seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí, leanfaidh sí de bheith freagrach go hiomlán as a hoibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:
(a)
ní tharmligfear a freagrachtaí mar thoradh ar an eisfhoinsiú;
(b)
ní dhéanfar athrú ar chaidreamh ná ar oibleagáidí an TLU i leith a rannpháirtithe nó i leith a heisitheoirí;
(c)
ní athróidh na coinníollacha chun an TLU a údarú;
(d)
ní chuirfear cosc de dheasca an eisfhoinsithe ar fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láthair a bheith ar fáil ar fhaisnéis ábhartha a bheidh ag teastáil chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;
(e)
ní fhágfar TLU gan na córais agus na rialtáin is gá chun na rioscaí a mbeidh aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de dheasca eisfhoinsiú;
(f)
coinneoidh an TLU an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthrófar, ar leordhóthanacht an tsoláthraí seirbhísí ó thaobh eagrúcháin agus caipitil, agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na seirbhísí eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú ar bhonn leanúnach;
(g)
beidh rochtain dhíreach ag an TLU ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí eisfhoinsithe;
(h)
beidh an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil agus leis na húdaráis ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;
(i)
áiritheoidh an TLU go gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhísí na caighdeáin a leagtar síos leis an dlí ábhartha um chosaint sonraí a mbeadh feidhm aici dá mbeadh na soláthraithe seirbhísí bunaithe san Aontas. Beidh TLU freagrach as a áirithiú go leagfar amach na caighdeáin sin i gconradh idir na páirtithe agus go gcoinneofar na caighdeáin sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|