|
Ní dhéanfaidh TLU rochtain a dhiúltú do TLU is iarrthóir ach amháin i gcás ina mbagródh rochtain den sórt sin ar fheidhmiú réidh rianúil na margaí airgeadais nó i gcás ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach. Ní fhéadfar an diúltú sin a bhunú ach ar measúnú cuimsitheach riosca agus uirthi sin amháin. I gcás ina ndiúltóidh TLU rochtain, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil don TLU iarrthach. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an TLU is iarrthóir gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh rochtain. Déanfaidh údarás inniúil an TLU is faighteoir iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don TLU iarrthach. Rachaidh údarás inniúil TLU is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil TLU iarrthaí agus le húdarás ábhartha TLU iarrthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis TLU iarrthaí leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann de na húdaráis an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh údarás inniúil TLU is faighteoir ordú lena gceanglófar ar an TLU sin rochtain a dheonú don TLU iarrthach.
|