|
Ní fhéadfaidh an páirtí is faighteoir rochtain a dhiúltú ach amháin dá gcuirfeadh an rochtain sin isteach ar fheidhmiú réidh rianúil na margaí airgeadais nó dá mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach. Ní fhéadfaidh sé iarraidh a dhiúltú mar gheall ar sciar den mhargadh a chailliúint. Cuirfidh páirtí a dhiúltaíonn rochtain cúiseanna iomlána ar fáil i scríbhinn don pháirtí iarrthach maidir leis an diúltú sin bunaithe ar measúnú cuimsitheach riosca. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an bpáirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil an pháirtí a dhiúltaigh an rochtain. Déanfaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir agus an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don pháirtí iarrthach. Rachaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil an pháirtí iarrthaigh agus leis an údarás ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis an pháirtí iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann díobh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina measfar go bhfuil diúltú ó pháirtí rochtain a dheonú éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil freagrach ordú lena gceanglófar ar an bpáirtí sin rochtain ar a sheirbhísí a dheonú laistigh de thrí mhí.
|