De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil an fheidhm mhargaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, an tríú fleasc, á feidhmiú ag dáileoir amháin nó níos mó atá ag gníomhú thar a gceann féin agus a mhargaíonn an GCUI faoi Threoir 2014/65/AE nó trí tháirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), ní mheasfar gur tarmligean atá faoi réir cheanglais mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo í feidhm den sórt sin gan beann ar aon chomhaontú dáileacháin idir an chuideachta bainistíochta agus an dáileoir.