+Article 84 3.

Article 84 3.

Tabharfaidh an GCUI, gan mhoill, fógra d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoin méid seo a leanas:

(a) 

i gcás ina ngníomhachtaíonn nó ina ndíghníomhachtaíonn an GCUI an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 1;

(b) 

i gcás ina ngníomhachtaíonn nó ina ndíghníomhachtaíonn an GCUI aon cheann de na huirlisí bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 2 go 8, ar bhealach nach bhfuil i ngnáthchúrsa gnó mar a bheartaítear i rialacha an chiste nó in ionstraimí corpraithe an GCUI.

Déanfaidh GCUI, laistigh de thréimhse ama réasúnta sula ndéanfaidh sé an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 9, a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú, fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi ghníomhachtú nó díghníomhachtú den sórt sin.

Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, BERS ar an eolas, gan mhoill, faoi aon fhógra a fuarthas i gcomhréir leis an mír seo. Beidh sé de chumhacht ag ESMA an fhaisnéis a fhaightear de bhun na míre seo a chomhroinnt leis na húdaráis inniúla.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas