+‘Airteagal 110a

‘Airteagal 110a

‘Airteagal 110a

Faoin 16 Aibreán 2029, agus tar éis na tuarascála arna cur i dtoll a chéile ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 13(6), tionscnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo agus ar an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm. Leis an athbhreithniú sin, áireofar measúnú ar na gnéithe seo a leanas:

(a) 

a éifeachtaí atá na ceanglais údarúcháin in Airteagail 7 agus 8 maidir leis an gcóras tarmligin a leagtar síos in Airteagal 13 den Treoir seo, go háirithe maidir le cosc a chur ar eintitis bosca poist a chruthú san Aontas;

(b) 

a iomchuí atá sé stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin nó neamhspleách amháin ar a laghad a cheapadh chuig comhlacht bainistíochta chuideachtaí bainistíochta nó chuideachtaí infheistíochta GCUI agus an tionchar atá ag an gceapachán sin ar chosaint infheisteoirí;

(c) 

a iomchuí atá na ceanglais is infheidhme maidir le cuideachtaí bainistíochta a bhainistíonn GCUI ar thionscnamh tríú páirtí mar a leagtar síos in Airteagal 14(2a) agus an gá atá le coimircí breise chun cosc a chur ar imchéimniú na gceanglas sin, agus, go háirithe, i dtaobh an bhfuil forálacha na Treorach seo maidir le coinbhleachtaí leasa éifeachtach agus iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh orthu agus, i gcás inarb infheidhme, chun iad a nochtadh, ar coinbhleachtaí leasa iad a eascraíonn as an gcaidreamh idir an chuideachta bainistíochta agus an tionscnóir tríú páirtí;

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas