+Airteagal 16
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.

Airteagal 16

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile fógra láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chás ina gcláraítear nó ina mbaintear den chlár bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach, faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár, agus faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach na cistí sin a mhargú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste caipitil fiontair cháilithigh a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 14a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstach agus do ÚEUM faoi aon chiste caipitil fiontair cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, ina bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste caipitil fiontair cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.

Airteagal 16 2.
Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú cistí caipitil fiontair cáilitheacha a fhorchur ar na bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus ní cheanglóidh siad go bhformheasfar an margú sin sula rachfar ina bhun. Áireofar le ceanglais den sórt sin nó nósanna imeachta riaracháin táillí agus muirir eile.
Airteagal 16 3.
Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid fógra faoin Airteagal seo a chinneadh.
Airteagal 16 4.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Feabhra 2014.
Airteagal 16 5.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas