|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe cumhachtaí:
(a)
chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10;
(b)
chun dréachtchaighdeáin chur chun feidhme theicniúla a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15;
(c)
chun treoirlínte agus moltaí a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16;
(ca)
moltaí a eisiúint, mar a leagtar síos in Airteagal 29a;
(d)
chun moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(3);
(da)
rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);
(e)
cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig údaráis inniúla a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(3);
(f)
i gcásanna a bhaineann le dlí an Aontais atá infheidhme go díreach, cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig institiúidí airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), in Airteagal 18(4) agus in Airteagal 19(4);
(g)
tuairimí a eisiúnt chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;
(ga)
chun freagraí ar chshainshaincheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b iad;
(gb)
gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9a;
(h)
an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35;
(i)
modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag saintréithe táirge agus ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais institiúidí agus ar chosaint do thomhaltóirí;
(j)
bunachar sonraí a sholáthar, agus rochtain lárnach air, ar bunachar sonraí é de na hinstitiúidí airgeadais cláraithe ina réimse inniúlachta i gcás ina sonraítear amhlaidh sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|