+Airteagal 8 Cúraimí agus cumhachtaí an Údaráis
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 1a.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
|
Airteagal 8 Cúraimí agus cumhachtaí an Údaráis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Beidh na cúraimí seo a leanas ag an Údarás:
▼M2
(a)
bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí, a fhorbairt;
▼M2
(aa)
lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil atá leis na cleachtais is fearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta, agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí a leagan amach;
▼M2
(b)
rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil mhaoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh orthu, idirghabháil a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach institiúidí margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú, agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;
▼B
(c)
tarmligean cúraimí agus freagrachtaí i measc údaráis inniúla a spreagadh agus a éascú;
(d)
comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do BERS atá riachtanach chun a chúraimí a bhaint amach agus trína áirithiú go ndéantar de réir rabhadh agus moltaí ó BERS;
▼M2
(e)
athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;
(f)
faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil treochtaí in árachas, athárachas agus pinsin cheirde, go háirithe, do theaghlaigh agus FBManna agus i seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;
(g)
anailísí eacnamaíocha a dhéanamh ar na margaí mar mhodh chun faisnéis a fháil chun sochair don Údarás a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh;
(h)
cosaint sealbhóirí polasaí comhaltaí scéim pinsin agus tairbhithe, tomhaltóirí agus infheisteoirí a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;
▼B
(i)
rannchuidiú a thabhairt maidir le feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí, le faireachán, measúnú agus tomhas a dhéanamh ar an riosca sistéamach, le pleananna téarnaimh agus réitigh a fhorbairt agus a chomhardú, le hardleibhéal cosanta a sholáthar do shealbhóirí polasaí, do thairbhithe agus ar fud an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;
▼M2
(ia)
rannchuidiú le bunú straitéise coitinne sonraí airgeadais an Aontais;
▼B
(j)
aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomhartha reachtacha eile a chomhall;
(k)
faisnéis a bhaineann lena réimse gníomhaíochta, go háirithe faisnéis, laistigh dá réimse inniúlachta, faoi institiúidí airgeadais cláraithe, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus an fhaisnéis sin a uasdátú go rialta, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin;
▼M2
(ka)
gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus uainiú beartaithe i leith glacadh dréachtchaighdeán teicniúila rialála agus caighdeán teicniúil cur chun feidhme.
▼M2 —————
|
|
Airteagal 8 1a.
|
Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an t-Údarás an méid seo a leanas:
(a)
úsáidfidh sé gach cumhacht a bheidh ar fáil dó;
(b)
agus aird chuí á tabhairt don chuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla institiúidí airgeadais; agus
(c)
nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe amhail comharchumainn agus cumainn chomhshochair, agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe cumhachtaí:
(a)
chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10;
(b)
chun dréachtchaighdeáin chur chun feidhme theicniúla a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15;
(c)
chun treoirlínte agus moltaí a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16;
▼M2
(ca)
moltaí a eisiúint, mar a leagtar síos in Airteagal 29a;
▼B
(d)
chun moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(3);
▼M2
(da)
rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);
▼B
(e)
cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig údaráis inniúla a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(3);
(f)
i gcásanna a bhaineann le dlí an Aontais atá infheidhme go díreach, cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig institiúidí airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), in Airteagal 18(4) agus in Airteagal 19(4);
▼M2
(g)
tuairimí a eisiúnt chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;
▼M2
(ga)
chun freagraí ar chshainshaincheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b iad;
(gb)
gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9a;
▼B
(h)
an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35;
(i)
modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag saintréithe táirge agus ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais institiúidí agus ar chosaint do thomhaltóirí;
(j)
bunachar sonraí a sholáthar, agus rochtain lárnach air, ar bunachar sonraí é de na hinstitiúidí airgeadais cláraithe ina réimse inniúlachta i gcás ina sonraítear amhlaidh sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
|
|
Airteagal 8 3.
|
Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an tÚdarás bunaithe ar an gcreat reachtach agus laistigh dá theorainneacha agus beidh aird iomchuí aige ar phrionsabal na comhréireachta i gcás inarb ábhartha agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus chun achar ama réasúnta a thabhairt do na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|