+Airteagal 31 Feidhm chomhordúcháin
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
|
Airteagal 31 Feidhm chomhordúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol nó i gcás ina bhféadfadh gnó trasteorann difear a dhéanamh do chosaint sealbhóirí polasaí, comhaltaí scéimeanna pinsin agus tairbhithe san Aontas.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
▼B
(a)
malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;
(b)
cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise sin a fhíorú;
(c)
gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;
(d)
fógra a thabhairt gan mhoill don BERS maidir le haon staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann;
▼M2
(e)
bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;
▼M2
(ea)
bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicniúil;
▼B
(f)
lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann d’institiúidí atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a pháirtiú leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Chun rannchuidiú le bunú cur chuige coiteann Eorpach maidir le nuálaíocht teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás cóineasú maoirseachta chun cinn, le tacaíocht, i gcás inarb iomchuí, ón gCoiste maidir le cosaint tomhaltóirí agus nuálaíocht airgeadais, lena n-éascófaran bealach do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar nuálaíocht theicneolaíoch chun teacht ar an margadh, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|