+Airteagal 35a Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile
---+Airteagal 35a 1.
---+Airteagal 35a 2.
---+Airteagal 35a 3.
---+Airteagal 35a 4.
---+Airteagal 35a 5.
---+Airteagal 35a 6.
---+Airteagal 35a 7.
---+Airteagal 35a 8.
---+Airteagal 35a 9.
---+Airteagal 35a 10.
---+Airteagal 35a 11.
---+Airteagal 35a 12.
|
Airteagal 35a Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35a 1.
|
Comhroinnfidh an tÚdarás, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige agus ar faisnéis í a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.
|
|
Airteagal 35a 2.
|
Iarrfaidh an tÚdarás faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó institiúidí airgeadais, ar choinníoll go bhfuil an tÚdarás i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais. Beidh an chéad fhomhír gan dochar do chumhachtaí an Údaráis an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá an fhaisnéis a fháil go díreach ó institiúidí airgeadais chun cúraimí an Údaráis a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.
|
|
Airteagal 35a 3.
|
Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis eile. Beidh an t-údarás iarrthach agus an tÚdarás faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus idir an institiúid airgeadais agus an tÚdarás.
|
|
Airteagal 35a 4.
|
I gcás ina malartaíonn an tÚdarás faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach institiúid airgeadais, má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó institiúidí airgeadais, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an institiúid airgeadais nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.
|
|
Airteagal 35a 5.
|
De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an t-údarás ná an institiúid airgeadais, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an institiúid airgeadais ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó
(b)
rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint, agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
).
|
|
Airteagal 35a 6.
|
De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an tÚdarás an institiúid airgeadais ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann sé, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas é, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.
|
|
Airteagal 35a 7.
|
Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an tÚdarás ó institiúid airgeadais nó ó údarás eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an Údarás uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an tÚdarás ar shlí eile.
|
|
Airteagal 35a 8.
|
Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomheilimintí na meabhrán tuisceana sin.
|
|
Airteagal 35a 9.
|
Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo nó de reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.
|
|
Airteagal 35a 10.
|
Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás nó an t-údarás inniúil a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí institiúidí airgeadais, eintitis, ábhair sonraí aonair, ná, i gcás inarb é an tÚdarás a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair a shainaithint;
(b)
rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.
Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.
|
|
Airteagal 35a 11.
|
Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an tÚdarás don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh inti freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá. Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.
|
|
Airteagal 35a 12.
|
Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35(4) agus Airteagal 70(3), ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:
(a)
an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach;
(b)
an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;
(c)
an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;
(d)
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), den Rialachán seo;
(e)
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
(f)
údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(g)
na húdaráis arb iad an sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (
9
);
(h)
an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
);
(i)
údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
);
(j)
an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
);
(k)
maoirseoir airgeadais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
);
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|