+Airteagal 37 An Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 4a.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.
---+Airteagal 37 8.

Airteagal 37 An Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.

Chun cabhrú le comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a éascú i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde (dá ngairtear le chéile na Grúpaí Geallsealbhóirí “anseo feasta”). Rachfar i gcomhairle leis na Grúpaí Geallsealbhóirí maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, agus, a mhéid nach mbaineann siad le hinstitiúidí airgeadais aonair, i gcomhréir le hAirteagal 16 i dtaca le treoirlínte agus moltaí. Más rud é nach mór gníomhaíochtaí a dhéanamh go práinneach agus nach mbeifear in ann dul i mbun comhairliúcháin, cuirfear na Grúpaí Geallsealbhóirí ar an eolas a luaithe is féidir.

Tiocfaidh na Grúpaí Geallsealbhóirí le chéile ceithre huaire ar a laghad in aghaidh na bliana. Féadfaidh siad plé a dhéanamh lena chéile ar réimsí leasa choitinn agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi na saincheisteanna eile a bheidh á bplé.

Féadfaidh comhaltaí de ghrúpa geallsealbhóirí amháin a bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa geallsealbhóirí eile freisin.

Airteagal 37 2.

Beidh 30 comhalta ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais. Is éard a bheidh sna comhalta sin:

(a) 

13 chomhalta a bheidh ionadaíoch go cothrom ar ghnóthais árachais agus athárachais agus ar idirghabhálaithe árachais a oibríonn san Aontas, comhaltaí a ndéanfaidh triúr acu ionadaíocht ar árachóirí nó athárachóirí comhair agus frithpháirteacha;

(b) 

13 chomhalta a bheidh ionadaíoch ar ionadaithe fostaithe de ghnóthais árachais agus de ghnóthais athárachais agus d’idirghabhálaithe árachais a oibríonn san Aontas, ar thomhaltóirí, ar úsáideoirí seirbhísí árachais agus athárachais, ar ionadaithe FBManna agus ar ionadaithe comhlachais ghairmiúla ábhartha; agus

(c) 

ceathrar comhalta is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha.

Airteagal 37 3.

Beidh 30 comhalta ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde. Is éard a bheidh sna 30 comhalta sin:

(a) 

13 chomhalta a bheidh ionadaíoch go cothrom d’institiúidí soláthair sochair scoir ceirde a oibríonn san Aontas,

(b) 

13 chomhalta a bheidh ionadaíoch ar ionadaithe fostaithe, ar ionadaithe tairbhithe, ar ionadaithe FBManna agus ar ionadaithe na gcomhlachas gairmiúil ábhartha; agus

(c) 

ceathrar comhalta is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha.

Airteagal 37 4.
Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Le linn a chinneadh a dhéanamh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, léiriú éagsúlachta na n-earnálacha árachais, athárachais agus pinsean ceirde, agus cothromaíocht chuí ar bhonn tíreolaíoch agus inscne agus ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí na nGrúpaí Geallsealbhóirí.
Airteagal 37 4a.
Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí ábhartha a thoghfaidh an Cathaoirleach sin as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach aon Ghrúpa Geallsealbhóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air.

Airteagal 37 5.

Faoi réir rúndachta gairmiúla, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis is gá do na Grúpaí Geallsealbhóirí agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí de na Grúpaí Geallsealbhóirí ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad le rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ( 14 ) ón gComhairle (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh na Grúpaí Geallsealbhóirí meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Ghrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

▼B

Féadfaidh comhaltaí na nGrúpaí Geallsealbhóirí fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.

Airteagal 37 6.
Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta comhairle a thabhairt don Údarás ar aon saincheisteanna a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus iad ag díriú go háirithe ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus 29, 30 agus 32.

I gcás nach féidir le comhaltaí na nGrúpaí Páirtithe Leasmhara teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais, an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde, an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, agus an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na nÚMEnna faoi Airteagal 56 maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.

Airteagal 37 7.
Glacfaidh na Grúpaí Geallsealbhóirí a rialacha nós imeachta ar bhonn comhaontú a fháil ó thromlach dhá thrian dá gcomhaltaí faoi seach.
Airteagal 37 8.
Poibleoidh an tÚdarás comhairle na nGrúpaí Geallsealbhóirí, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis ar an gcaoi a gcuirtear comhairle agus torthaí na gcomhairliúchán san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas