+Airteagal 39 Nósanna imeachta cinnteoireachta
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.
---+Airteagal 39 6.

Airteagal 39 Nósanna imeachta cinnteoireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.
Is i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo a ghníomhóidh an tÚdarás agus aon chinneadh de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19. á ghlacadh aige.
Airteagal 39 2.
Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh, i dteanga oifigiúil an tseolaí, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ina theanga oifigiúil. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).
Airteagal 39 3.
Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.
Airteagal 39 4.
Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.
Airteagal 39 5.
I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.
Airteagal 39 6.
Poibleofar na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagail 17, 18 nó 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na n-institiúidí airgeadais sin nó lena rúin ghnó a chosaint nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas