|
+Airteagal 62 1. |
Airteagal 62 1.Is é a bheidh go háirithe in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ) (‘an Rialachán Airgeadais’) teaglaim díobh seo a leanas:
(a)
ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais, ar ranníocaíochtaí iad a dhéanfar i gcomhréir le foirmle atá bunaithe ar an ualú vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha. Chun críocha an Airteagail seo, leanfaidh Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha d’fheidhm a bheith aige tar éis spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair 2014 a bhunaítear ansin;
(b)
fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);
(c)
aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;
(d)
aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí.
(e)
táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach. Ní ghlacfar le ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe d den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|