+Airteagal 62 Buiséad an Údaráis
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
|
Airteagal 62 Buiséad an Údaráis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1.
|
Is é a bheidh go háirithe in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
) (‘an Rialachán Airgeadais’) teaglaim díobh seo a leanas:
▼B
(a)
ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais, ar ranníocaíochtaí iad a dhéanfar i gcomhréir le foirmle atá bunaithe ar an ualú vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha. Chun críocha an Airteagail seo, leanfaidh Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha d’fheidhm a bheith aige tar éis spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair 2014 a bhunaítear ansin;
(b)
fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);
(c)
aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;
▼M2
(d)
aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí.
(e)
táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.
Ní ghlacfar le ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá dtagraítear i bpointe d den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.
▼B
|
|
Airteagal 62 2.
|
Áireofar i gcaiteachas an Údaráis, ar a laghad, costais foirne, luach saothair, costais riaracháin, costais bhonneagair, costais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil agus costais oibríochtúla.
|
|
Airteagal 62 3.
|
Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.
|
|
Airteagal 62 4.
|
Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Údaráis a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Údaráis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|