+Airteagal 64 An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 3.
---+Airteagal 64 4.
---+Airteagal 64 5.
---+Airteagal 64 6.
---+Airteagal 64 7.
---+Airteagal 64 8.
---+Airteagal 64 9.
---+Airteagal 64 10.
---+Airteagal 64 11.

Airteagal 64 An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 64 1.
Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad bliantúil an Údaráis chun feidhme.
Airteagal 64 2.
Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn, na cuntais shealadacha a chur chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Ní chuirfidh Airteagal 70 bac ar an Údarás aon fhaisnéis a thabhairt don Chúirt Iniúchóirí arna hiarraidh sin don Chuirt Iniúchóirí agus ar faisnéis atá laistigh d’inniúlacht na Cúirte í.
Airteagal 64 3.
Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn, sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.
Airteagal 64 4.
Chomh maith leis sin, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 31 Márta den bhliain dár gcionn, an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais a chur chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
Airteagal 64 5.
Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 246 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.
Airteagal 64 6.
Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn. na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí a churg, , chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

Chomh maith leis sin, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 15 Meitheamh gach bliain, pacáiste tuairiscithe a chur chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin n i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

Airteagal 64 7.
Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.
Airteagal 64 8.
Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair agus cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.
Airteagal 64 9.
Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthoir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.
Airteagal 64 10.
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith an buiséad do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.
Airteagal 64 11.
Tabharfaidh an tÚdarás tuairim réasúnaithe ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ar aon bharúil ó Pharlaimint na hEorpa dá bhforáiltear sa nós imeachta urscaoilte.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas