Airteagal 65
Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 (
17
) ón gCoimisiún mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.