+Airteagal 81 Athbhreithniú
---+Airteagal 81 1.
---+Airteagal 81 2.
---+Airteagal 81 2a.
---+Airteagal 81 3.
---+Airteagal 81 4.
|
Airteagal 81 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 81 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:
(a)
an éifeachtacht agus an cóineasú arna mbaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:
(i)
neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;
▼B
(ii)
neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;
(b)
feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí;
(c)
an dul chun cinn arna bhaint amach maidir le cóineasú i dtaca le géarchéim a chosc, géarchéim a bhainistiú agus géarchéim a réiteach, lena n-áirítear sásraí cistiúcháin Aontais;
(d)
ról an Údaráis i dtaca leis an riosca sistéamach;
(e)
cur i bhfeidhm an chlásail coimirce a bhunaítear in Airteagal 38;
(f)
cur i bhfeidhm ról na hidirghabhála ceangailtí a bhunaítear in Airteagal 19;
▼M2
(g)
feidhmiú an Chomhchoiste.
▼B
|
|
Airteagal 81 2.
|
Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:
(a)
an bhfuil sé iomchuí leanúint de mhaoirseacht ar leithligh a dhéanamh ar bhaincéireacht, ar árachas, ar phinsin cheirde, ar urrúis agus ar na margaí airgeadais;
(b)
an bhfuil sé iomchuí maoirseacht stuamachta a dhéanamh agus seoladh gnó a mhaoirsiú mar ghníomhaíochtaí ar leithligh óna chéile, nó an bhfuil sé iomchuí go ndéanfadh an maoirseoir céanna na gníomhaíochtaí sin;
(c)
an bhfuil sé iomchuí go simpleofaí agus go neartófaí struchtúr an CEMA chun go mbeadh comhleanúnachas níos mó ann idir na macraileibhéil agus na micrileibhéil agus idir na ÚMEanna;
(d)
an bhfuil éabhlóid an CEMA i gcomhréir leis an éabhlóid dhomhanda;
(e)
an bhfuil dóthain éagsúlacht agus sármhaitheasa ann laistigh den CEMA;
(f)
an leor an chuntasacht agus an trédhearcacht i dtaca le ceanglais um fhoilsiú;
(g)
an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;
(h)
an bhfuil sé iomchuí go ndéanfar suíomh an Údaráis a chothabháil nó an bhfuil sé iomchuí na ÚMEanna a aistriú go dtí an suíomh amháin chun go mbeadh comhordú níos fearr ann eatarthu.
|
|
Airteagal 81 2a.
|
Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm Airteagal 9a.
|
|
Airteagal 81 3.
|
Maidir leis an tsaincheist a bhaineann le maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar institiúidí nó ar bhonneagair a bhfuil réimse uile-Eorpach acu, agus aird á thabhairt ar fhorbairtí margaidh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil ar a oiriúnaí atá sé tuilleadh freagrachtaí maoirseachta sa réimse seo a thabhairt don Údarás.
|
|
Airteagal 81 4.
|
Déanfar an tuarascáil agus aon tograí a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|