|
+Airteagal 81 1. |
Airteagal 81 1.Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:
(a)
an éifeachtacht agus an cóineasú arna mbaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:
(i)
neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;
(ii)
neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;
(b)
feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí;
(c)
an dul chun cinn arna bhaint amach maidir le cóineasú i dtaca le géarchéim a chosc, géarchéim a bhainistiú agus géarchéim a réiteach, lena n-áirítear sásraí cistiúcháin Aontais;
(d)
ról an Údaráis i dtaca leis an riosca sistéamach;
(e)
cur i bhfeidhm an chlásail coimirce a bhunaítear in Airteagal 38;
(f)
cur i bhfeidhm ról na hidirghabhála ceangailtí a bhunaítear in Airteagal 19;
(g)
feidhmiú an Chomhchoiste. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|