+Airteagal 43 Cúraimí
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 4.
---+Airteagal 43 5.
---+Airteagal 43 6.
---+Airteagal 43 7.
---+Airteagal 43 8.
|
Airteagal 43 Cúraimí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gCaibidil II a dhéanamh. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón gcoiste nó ón bpainéal inmheánach ábhartha, ón gCathaoirleach nó ón mBord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 43 4.
|
Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.
|
|
Airteagal 43 5.
|
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 43 6.
|
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí clár oibre ilbhliantúil an Údaráis, agus cuirfidh an Bord Maoirseoirí an clár sin ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Glacfar an clár oibre ilbhliantúil gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.
|
|
Airteagal 43 7.
|
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 63.
|
|
Airteagal 43 8.
|
Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 51(5).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|