+Airteagal 1 Forálacha ginearálta
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2
---+Airteagal 1 3
---+Airteagal 1 4

Airteagal 1 Forálacha ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 1

1.   Chun críoch an cheanglais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, úsáidfidh eisitheoirí na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I, i gcomhréir leis na treoracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 1 2

2.   Chun críoch an cheanglais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn III faoi bhráid na n-eisitheoirí, i gcomhréir leis na treoracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 1 3

3.   Chun críoch an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh na heisitheoirí an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil leis na sonraí a cuireadh isteach agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:

(a)

an dáta tagartha tuairiscithe agus tréimhse thagartha;

(b)

an t-airgeadra tuairiscithe;

(c)

i gcás eintitis dhlítheanacha, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora, agus i gcás daoine nádúrtha, an uimhir aitheantais náisiúnta oifigiúil is infheidhme sa Bhallstát baile;

(d)

cineál an chomhartha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6) nó pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114, agus cód aitheantais gaolmhar, tagairt nó ainm an chomhartha, i gcás ina mbeidh fáil orthu bunaithe ar an bpáipéar bán cripteashócmhainní foilsithe don chomhartha;

(e)

cibé acu maidir leis an gcomhartha:

(i)

nach ndéantar tagairt leis ach amháin d’airgeadra oifigiúil an Bhallstáit baile;

(ii)

nach ndéantar tagairt leis ach amháin d’airgeadraí seachas airgeadra oifigiúil an Bhallstáit baile;

(iii)

go ndéantar tagairt leis d’airgeadra an Bhallstáit baile agus d’airgeadraí eile (meascán den rogha dá dtagraítear i bpointe (i) agus an rogha dá dtagraítear i bpointe (ii));

(f)

cé acu a aicmíodh nó nár aicmíodh an comhartha mar chomhartha suntasach i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2023/1114;

(g)

i gcás inarb infheidhme, ráiteas nach bhfuair an t-eisitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinní III agus IV den Rialachán seo ó na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

Airteagal 1 4

4.   I gcomhréir le hAirteagal 58(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá feidhm ag an Rialachán seo mutatis mutandis maidir le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas