+Airteagal 1 3
|
Airteagal 1 3
3. Chun críoch an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh na heisitheoirí an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil leis na sonraí a cuireadh isteach agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:
|
(a)
|
an dáta tagartha tuairiscithe agus tréimhse thagartha;
|
|
(b)
|
an t-airgeadra tuairiscithe;
|
|
(c)
|
i gcás eintitis dhlítheanacha, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) an eisitheora, agus i gcás daoine nádúrtha, an uimhir aitheantais náisiúnta oifigiúil is infheidhme sa Bhallstát baile;
|
|
(d)
|
cineál an chomhartha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6) nó pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114, agus cód aitheantais gaolmhar, tagairt nó ainm an chomhartha, i gcás ina mbeidh fáil orthu bunaithe ar an bpáipéar bán cripteashócmhainní foilsithe don chomhartha;
|
|
(e)
|
cibé acu maidir leis an gcomhartha:
|
(i)
|
nach ndéantar tagairt leis ach amháin d’airgeadra oifigiúil an Bhallstáit baile;
|
|
(ii)
|
nach ndéantar tagairt leis ach amháin d’airgeadraí seachas airgeadra oifigiúil an Bhallstáit baile;
|
|
(iii)
|
go ndéantar tagairt leis d’airgeadra an Bhallstáit baile agus d’airgeadraí eile (meascán den rogha dá dtagraítear i bpointe (i) agus an rogha dá dtagraítear i bpointe (ii));
|
|
|
(f)
|
cé acu a aicmíodh nó nár aicmíodh an comhartha mar chomhartha suntasach i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2023/1114;
|
|
(g)
|
i gcás inarb infheidhme, ráiteas nach bhfuair an t-eisitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinní III agus IV den Rialachán seo ó na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|