|
+Airteagal 26 11. |
Airteagal 26 11.Faoin 29 Márta 2028, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin lena ndéantar measúnú ar an bhféidearthacht a bhaineann le comhtháthú níos mó a dhéanamh i dtuairisciú idirbheart agus cuíchóiriú sreafaí sonraí de bhun an Airteagail seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a laghdú maidir leis an tuairisciú ar shonraí idirbheart, agus go háirithe ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365 agus i ngníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais;
(b)
feabhas a chur ar an gcaighdeánú sonraí agus ar chomhroinnt agus ar úsáid éifeachtúil sonraí a thuairiscíonn aon údarás inniúil ábhartha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Agus an tuarascáil á hullmhú, oibreoidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar le comhlachtaí eile an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|