+Airteagal 26 Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
---+Airteagal 26 8.
---+Airteagal 26 9.
---+Airteagal 26 10.
---+Airteagal 26 11.
|
Airteagal 26 Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Déanfaidh gnólachtaí airgeadais a fhorghníomhóidh idirbhearta in ionstraimí airgeadais mionsonraí iomlána agus cruinne na n-idirbheart sin a thuairisciú don údarás inniúil chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre dár gcionn. Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 85 de Threoir 2014/65/AE, na socruithe is gá d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis inniúla seo a leanas an fhaisnéis sin freisin:
(a)
údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta do na hionstraimí airgeadais sin;
(b)
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta tarchuir;
(c)
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na brainsí a bhí mar chuid den idirbheart; agus
(d)
an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hionaid trádála a úsáidtear.
Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí do ÚEUM.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó a ndearnadh iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar, cé is moite d’idirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo ach amháin má dhéantar iad ar ionad trádála;
(b)
ionstraimí airgeadais inarb é an luach foluiteach ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar;
(c)
ionstraimí airgeadais inarb é an luach foluiteach innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar;
(d)
díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Áireofar sna tuarascálacha, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na n-ionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a díoladh, an chainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na dátaí éifeachtacha, praghsanna na n-idirbheart, ainmniú chun na páirtithe a shainaithint ar fhorghníomhaigh an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an t-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a shainaithint agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint. Áireofar sna tuarascálacha ar idirbheart a dhéanfar ag an ionad trádála cód aitheantais idirbhirt arna ghiniúint agus arna scaipeadh ag an ionad trádála ar chomhaltaí ceannaigh agus comhaltaí díola an ionaid trádála araon. I gcás idirbhearta nach gcuirfear i gcrích ar ionad trádála, beidh ar áireamh sna tuarascálacha freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 20(3), pointe (a), agus Airteagal 21(5), pointe (a), den Rialachán seo. I gcás díorthaigh tráchtearraí, cuirfear in iúl sna tuarascálacha cibé an laghdóidh an t-idirbheart riosca ar shlí intomhaiste go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE.
|
|
Airteagal 26 4.
|
Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta a tharchuireann orduithe san áireamh i dtarchur an ordaithe sin na mionsonraí uile a shonraítear i mír 1 agus i mír 3. Seachas na sonraí luaite a áireamh agus orduithe á dtarchur, féadfaidh gnólacht infheistíochta an t-ordú tarchurtha a thuairisciú, má fhorghníomhaítear é, mar idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1. Sa chás sin, luafar sa tuairisciú idirbheart ón ngnólacht infheistíochta go mbainfidh sé le hordú tarchurtha.
|
|
Airteagal 26 5.
|
Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar a ardán a bhforghníomhóidh aon chomhalta, rannpháirtí nó úsáideoir nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le míreanna 1 agus 3 iad trína gcórais.
|
|
Airteagal 26 6.
|
Le linn tuairisciú ar an ainmniú chun na custaiméirí a shainaithint mar a éilítear faoi mhír 3 agus mhír 4, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta eintiteas dlíthiúil arna bhunú chun cliaint a shainaithint is daoine dlítheanacha. Forbróidh ÚEUM faoin 3 Eanáir 2016 treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh cur i bhfeidhm aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh laistigh den Aontas caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.
|
|
Airteagal 26 7.
|
Is é an gnólacht infheistíochta, ARM ag feidhmiú ar a shon féin, nó an t-ionad trádála ar cuireadh an t-idirbheart i gcrích trí bhíthin a chórais a thabharfaidh na tuairiscí don údarás inniúil, i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9. Beidh freagracht ar ghnólachtaí infheistíochta as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil. De mhaolú ar an bhfreagracht sin, i gcás ina dtuairisceoidh gnólacht infheistíochta mionsonraí na n-idirbheart sin trí ARM a bheidh ag gníomhú ar a shon nó thar ceann ionaid trádála, ní bheidh an gnólacht infheistíochta freagrach as teipeanna in iomláine, i gcruinneas nó i gcur isteach tráthúil na dtuarascálacha is inchurtha i leith an ARM nó an ionaid trádála. Sna cásanna sin agus faoi réir Airteagal 66(4) de Threoir 2014/65/AE beidh an ARM nó an t-ionad trádála freagrach as na teipeanna sin. Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta bearta réasúnacha a dhéanamh, áfach, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na dtuarascálacha idirbhirt a fhíorú a cuireadh isteach ar a son. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála, agus tuairiscí á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeadh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a chothabháil i gcónaí. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a chothabháil agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí. Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena n-áirítear stórtha trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a fhaomhadh mar ARM chun tuarascálacha idirbheart a tharchur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, mír 3 agus mír 9. I gcás inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh formheasta mar ARM agus ina mbeidh sna tuarascálacha sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 1, mhír 3 agus mhír 9 agus ina ndéanfaidh an stór trádála iad a tharchur chuig an údarás inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta a leagtar síos i mír 1. I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha idirbheart, ceartóidh an ARM, an gnólacht infheistíochta nó an t-ionad trádála an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuarascáil cheartaithe faoi bhráid an údaráis inniúil.
|
|
Airteagal 26 8.
|
►M8
Déanfaidh gnólacht infheistíochta idirbhearta a fhorghníomhaítear go hiomlán nó go páirteach trína bhrainse a thuairisciú d’údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta. Cuirfidh brainse gnólachta tríú tír a thuarascálacha idirbhirt faoi bhráid an údaráis inniúil a d’údaraigh an brainse. I gcás ina bhfuil brainsí curtha ar bun ag gnólacht tríú tír i níos mó ná Ballstát amháin, cinnfidh na brainsí sin an t-údarás inniúil a gheobhaidh na tuarascálacha idirbhirt uile. ◄
I gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Threoir 2014/65/AE nuair a dhéanfar tuairiscí dá bhforáiltear faoin Airteagal sin a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla Bhallstát Baile an ghnólachta infheistíochta, mura gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit Bhaile nach mian leo an fhaisnéis sin a fháil.
|
|
Airteagal 26 9.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a)
caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a thuairisciú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun idirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuairiscí sin;
(b)
na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;
▼M8
(c)
tagairtí na n-ionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na dátaí éifeachtacha, praghsanna na n-idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na páirtithe a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an t-idirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an t-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an t-idirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuarascálacha idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3;
▼M8 —————
▼M8
(e)
catagóirí ábhartha na n-innéacsanna a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2, pointe (c);
▼B
(f)
na coinníollacha ar a ndéanfaidh na Ballstáit aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh a fhorbairt, a shannadh agus a chothabháil, i gcomhréir le mír 6, agus na coinníollacha faoina n-úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh sin chun foráil a dhéanamh, de bhun mhír 3, mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an ainmniú chun na cliaint a shainaithint sna tuarascálacha idirbheart a cheanglaítear orthu a bhunú de bhun mhír 1;
(g)
oibleagáidí chun tuairisciú idirbheart a chur i bhfeidhm ar bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta;
(h)
cad is idirbheart agus forghníomhú idirbhirt ann chun críche an Airteagail seo;
(i)
nuair a mheasfar go mbeidh ordú tarchurtha ag gnólacht infheistíochta chun críocha mhír 4;
▼M8
(j)
na coinníollacha chun idirbhearta sonracha a nascadh agus na modhanna chun orduithe comhiomlánaithe a shainaithint a mbeidh forghníomhú idirbhirt mar thoradh orthu; agus
(k)
an dáta a bhfuil na hidirbhearta le tuairisciú faoi.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;
|
|
Airteagal 26 10.
|
Faoin
►M1
3 Eanáir 2020 ◄ , déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an Airteagal seo, lena n-áirítear a idirghníomhú leis na hoibleagáidí tuairiscithe gaolmhara faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus i dtaobh an gcumasófar le hinneachar agus le formáid na dtuairiscí idirbheart a gheofar agus a mhalartófar idir na húdaráis inniúla ar shlí chuimsitheach faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe a mholadh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a tharchur chuig córas aonair amháin arna cheapadh ag ÚEUM seachas chuig údaráis inniúla. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ÚEUM ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
|
|
Airteagal 26 11.
|
Faoin 29 Márta 2028, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin lena ndéantar measúnú ar an bhféidearthacht a bhaineann le comhtháthú níos mó a dhéanamh i dtuairisciú idirbheart agus cuíchóiriú sreafaí sonraí de bhun an Airteagail seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a laghdú maidir leis an tuairisciú ar shonraí idirbheart, agus go háirithe ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365 agus i ngníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais;
(b)
feabhas a chur ar an gcaighdeánú sonraí agus ar chomhroinnt agus ar úsáid éifeachtúil sonraí a thuairiscíonn aon údarás inniúil ábhartha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.
Agus an tuarascáil á hullmhú, oibreoidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar le comhlachtaí eile an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|