|
+Airteagal 35 6. |
Airteagal 35 6.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
na coinníollacha sonracha faoina bhféadfaidh CCP iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon agus cineál na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile faoi deara rioscaí suntasacha míchuí a chruthú;
(b)
na coinníollacha faoina gceadóidh CCP rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí imréitigh, ceanglais chomhthaobhachta agus ceanglais oibriúcháin maidir le héarlaisiú;
(c)
na coinníollacha faoina mbeidh deonú rochtana ina bhagairt ar feidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó faoina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistéamach;
(d)
an nós imeachta chun fógra a dhéanamh faoi mhír 5;
(e)
na coinníollach le haghaidh láimhseála neamh-idirdhealaithí ó thaobh an chaoi a láimhseáiltear conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a fhad a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d’imréitigh an CCP céanna. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|