+Airteagal 35 Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
|
Airteagal 35 Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
►M8
Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh CCP le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, gan beann ar an ionad trádála ar a bhforghníomhófar an t-idirbheart.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán.
Áiritheoidh an CCP go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas:
◄
(a)
ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CCP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus
(b)
traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear na ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh. Níl feidhm ag an gceanglas sa mhír sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin. Ní bheidh CCP faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le hionad trádála ar tugadh fógra dó faoi Airteagal 36(5).
|
|
Airteagal 35 2.
|
Cuirfear iarratas chun rochtain a fháil ar CCP trí ionad trádála faoi bhráid an CCP, a údaráis inniúil ábhartha agus údarás inniúil an ionaid trádála go foirmiúil. Sonrófar san iarratas sin na cineálacha ionstraimí airgeadais a n-iarrtar rochtain ina leith.
|
|
Airteagal 35 3.
|
Tabharfaidh an CCP freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de 3 mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ag ceadú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Féadfaidh an CCP iarratas ar rochtain a dhiúltú faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndiúltóidh CCP rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an t-ionad trádála bunaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an CCP, cuirfidh an CCP an freagra sin i scríbhinn ar aghaidh chuig údarás inniúil an ionaid trádála freisin. Tabharfaidh an CCP rochtain laistigh de 3 mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarratas ar rochtain.
|
|
Airteagal 35 4.
|
►M8
Déanfaidh údarás inniúil an CCP nó údarás inniúil an ionaid trádála rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP ar choinníoll nach mbeadh rochtain den sórt sin ina bagairt ar fheidhmiú rianúil agus eagraithe na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta, nó nach mbeadh tionchar dochrach aici ar an riosca sistéamach. ◄
Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis sin don údarás inniúil eile, don CCP agus don ionad trádála lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil an cinneadh bunaithe uirthi.
|
|
Airteagal 35 5.
|
I gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, contraphairtí lárnach a bunaíodh as an nua agus a údaraíodh mar CCP mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun imréiteach a dhéanamh faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó gur tugadh aitheantas dó faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse is lú ná trí bliana an 2 Iúil 2014, féadfaidh sé roimh an
►M1
3 Eanáir 2018 ◄ , iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil chun leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo don CCP i ndáil le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, ar feadh idirthréimhse go dtí an
►M1
3 Iúil 2020 ◄ . I gcás ina ndéanfar idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní fhéadfaidh an CCP leas a bhaint as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimhsigh sin. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do chomhaltaí choláiste na n-údarás inniúil don CCP agus do ÚEUM nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas. Foilseoidh ÚEUM liosta de gach fógra a gheobhaidh sé. I gcás ina mbeidh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le hionad trádála amháin nó níos mó, ní bhainfidh na hionaid trádála sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimshigh sin. Maidir le CCP a údarófar le linn na tréimhse trí bliana roimh theacht i bhfeidhm, ach a dhéantar de bharr cumaisc agus fála lena mbaineann CCP amháin ar laghad a bheidh údaraithe roimh an tréimhse sin, ní cheadófar dó iarratas a dhéanamh ar shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo.
|
|
Airteagal 35 6.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
na coinníollacha sonracha faoina bhféadfaidh CCP iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon agus cineál na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile faoi deara rioscaí suntasacha míchuí a chruthú;
(b)
na coinníollacha faoina gceadóidh CCP rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí imréitigh, ceanglais chomhthaobhachta agus ceanglais oibriúcháin maidir le héarlaisiú;
(c)
na coinníollacha faoina mbeidh deonú rochtana ina bhagairt ar feidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó faoina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistéamach;
(d)
an nós imeachta chun fógra a dhéanamh faoi mhír 5;
(e)
na coinníollach le haghaidh láimhseála neamh-idirdhealaithí ó thaobh an chaoi a láimhseáiltear conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a fhad a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d’imréitigh an CCP céanna.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|