|
+Airteagal 42 7. |
Airteagal 42 7.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní nó bagairt i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad dá dtagraítear i mír 2(a). Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:
(a)
an méid castachta a bhainfidh le hionstraim airgeadais nó le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú dó, a dáileadh air nó a dhíol dó;
(b)
a nuála is a bheidh ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas;
(c)
an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe nó cleachtas;
(d)
i ndáil le feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí, le méid nó le luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a eisiúint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|