|
+Airteagal 1 2. |
Airteagal 1 2.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
idirbhearta íocaíochta arna ndéanamh idir agus laistigh de SSIanna, lena n-áirítear a ghníomhaithe nó brainsí, ar a gcuntas féin;
(b)
idirbhearta íocaíochta arna bpróiseáil agus arna socrú trí chórais íocaíochta mórluacha, amach ó idirbhearta íocaíochta do dhochair dhíreacha nach mbeidh sé iarrtha ag an íocóir go mbeadh siad treoraithe trí chóras íocaíochta ardluacha;
(c)
idirbhearta íocaíochta trí bhíthin cárta íocaíochta nó feiste comhchosúil, lena n-áirítear aistarraingtí in airgead tirim, ach amháin má úsáidtear an cárta íocaíochta nó an feiste comhchosúil chun faisnéis a bheidh riachtanach a ghiniúint chun aistriú creidmheasa nó dochar díreach a dhéanamh chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó le IBAN, agus ó na cuntas sin;
(d)
idirbhearta íocaíochta trí bhíthin aon fheiste teileachumarsáide, digití nó TF, murar aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN agus ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh ar idirbhearta íocaíochta den sórt sin;
(e)
idirbhearta seoltán airgid mar a ndéantar sainmhíniú orthu in Airteagal 4(13) de Threoir 2007/64/CE;
(f)
idirbhearta íocaíochta lena n-aistrítear airgead leictreonach a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air ( 1 ), ach amháin más aistriú creidmheasa nó dochar díreach chuig cuntas íocaíochta arna shainaithint le BBAN nó IBAN nó ó chuntas den sórt sin a bheidh mar thoradh air. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|