|
+Airteagal 29 4. |
Airteagal 29 4.De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
níl an creidiúnaí i dteideal an chúitimh dá dtagraítear i mír 2 ach amháin ar an gcoinníoll gur mó méid na haisíocaíochta luaithe ná an tairseach a leagtar amach sa dlí náisiúnta, rud nach sáróidh EUR 10 000 laistigh d’aon tréimhse 12 mhí;
(b)
féadfaidh an creidiúnaí cúiteamh níos airde a éileamh go heisceachtúil más féidir leis an gcreidiúnaí a chruthú gur mó an caillteanas a fulaingíodh de dheasca aisíocaíocht luath ná an méid a cinneadh i gcomhréir le mír 2. I gcás inar mó an cúiteamh a éilíonn an creidiúnaí ná an caillteanas a fulaingíodh iarbhír de dheasca na haisíocaíochta luaithe, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhfhreagrach. Sa chás sin, is é a bheidh sa chaillteanas ná an difríocht idir an ráta iasachta a comhaontaíodh ar dtús agus an ráta úis ar ar féidir leis an gcreidiúnaí an méid atá faoi réir aisíocaíocht luath ar an margadh tráth na haisíocaíochta sin a thabhairt ar iasacht, agus cuirfear san áireamh ann tionchar na haisíocaíochta luaithe ar na costais riaracháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|