Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do na Ballstáit agus d’eintitis faoi oibleagáid chun cuidiú leo na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú, agus chun ligean do gheallsealbhóirí eile, lena n-áirítear reachtóirí náisiúnta, Parlaimint na hEorpa, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
) (ÚBE), agus ionadaithe ó Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais AE (AFAnna) tuiscint níos fearr a bheith acu ar na rioscaí sin. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí 6mhí ar a dhéanaí tar éis iad a bheith curtha ar fáil do na Ballstáit, cé is moite de na gnéithe sin den tuarascáil a bhfuil faisnéis rúnaicmithe iontu.