+Article 97 6.

Article 97 6.

I gcás ina mbíonn údar réasúnach ag na húdaráis inniúla, i ngeall ar athbhreithniú, go háirithe i ngeall ar mheastóireacht ar shocruithe rialachais, ar shamhail ghnó, nó ar ghníomhaíochtaí institiúide, lena cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar bun, go raibh sin ar bun, gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena chur ar bun, nó go bhfuil riosca níos mó ann go dtarlódh a leithéid san institiúid atá i gceist, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach faoin méid sin do ÚBE agus don údarás nó comhlacht a dhéanann maoirseacht ar an institiúid sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus atá inniúil ar chomhlíonadh na Treorach sin a áirithiú. I gcás go mbíonn riosca níos mó ann go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar bun, rachaidh an t-údarás inniúil agus an t-údarás nó comhlacht a dhéanann maoirseacht ar an institiúid i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus atá inniúil ar chomhlíonadh na Treorach sin a áirithiú, rachaidh siad i gcomhar le chéile agus tabharfaidh siad fógra láithreach do ÚBE faoina gcomh-mheasúnú. Glacfaidh an t-údarás inniúil, mar is iomchuí, bearta i gcomhréir leis an Treoir seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas