Airteagal 121
Cáiliú chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta
Comhaltaí an chomhlachta bainistíochta de chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar comhaltaí nach comhaltaí a fuair formheas iad i gcomhréir le hAirteagal 21a(1), cuirfidh na Ballstáit de cheangal go mbeidh dea-cháil leordhóthanach orthu agus eolas leordhóthanach, scileanna leordhóthanacha agus taithí leordhóthanach acu dá dtagraítear in Airteagal 91(1) chun na dualgais sin a chur i gcrích, agus ról sonrach cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha á chur san áireamh. Is ar na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó ar na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh an phríomhfhreagracht as oiriúnacht chomhaltaí a gcomhlachta bainistíochta a áirithiú.