|
+Airteagal 7 Forbairt agus athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE ---+Article 7 1. ---+Article 7 2. ---+Article 7 3. ---+Article 7 4. |
Airteagal 7 Forbairt agus athchóiriú chritéir Éicilipéad an AEAirteagal 7 Forbairt agus athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE 1. Tar éis dul i gcomhairle le BAEÉ, féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, na comhlachtaí inniúla agus na geallsealbhóirí eile forbairt nó athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE a thionscnamh agus a threorú. I gcás ina gcuirtear geallsealbhóirí eile den sórt sin mar cheannasaí ar threorú fhorbairt na gcritéar, ní mór dóibh saineolas a léiriú sa réimse táirgí, chomh maith leis an gcumas an próiseas a threorú go neodrach agus i gcomhréir le haidhmeanna an Rialacháin seo. I dtaca leis sin de, tabharfar tús áite do chuibhreannais a bhfuil breis agus leasghrúpa amháin iontu. Déanfaidh an páirtí a thionscnóidh agus a threoróidh forbairt nó athchóiriú chritéir Éicilipéad an AE na doiciméid seo a leanas a thabhairt ar aird i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn I:
(a)
réamhthuarascáil;
(b)
togra i gcomhair dréachtchritéar;
(c)
tuarascáil theicniúil mar thacaíocht leis an togra i gcomhair dréachtchritéar;
(d)
tuarascáil deiridh;
(e)
lámhleabhar d'úsáideoirí ionchasacha Éicilipéad an AE agus do chomhlachtaí inniúla;
(f)
lámhleabhar do na húdaráis a dhámhann conarthaí poiblí. Cuirfear na doiciméid sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid an BAEÉ. 2. I gcás ina mbeidh critéir forbartha cheana féin faoi scéim eile éicilipéid a chomhlíonann na ceanglais do lipéid chomhshaoil chineál I EN ISO 14024 do ghrúpa táirgí nach bhfuil aon chritéir de chuid Éicilipéad an AE arna mbunú ina leith cheana, féadfaidh Ballstát ar bith ina bhfuil an scéim eile éicilipéid aitheanta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le BAEÉ, a mholadh go bhforbrófaí na critéir sin faoi scéim Éicilipéad an AE. Sna cásanna sin, féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta giorraithe maidir le forbairt critéar a leagtar síos i gCuid B d'Iarscríbhinn I ar choinníoll go ndearnadh na critéir atá beartaithe a fhorbairt i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn I. Is é an Coimisiún, nó an Ballstát a mhol an nós imeachta giorraithe um fhorbairt na gcritéar, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, a threoróidh an nós imeachta sin. 3. I gcás ina mbeidh gá le hathchóiriú neamhshubstaintiúil ar na critéir, féadfaidh feidhm a bheith ag an nós imeachta giorraithe um athchóiriú a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn I. 4. Faoin 19 Feabhra 2011, aontóidh an BAEÉ agus an Coimisiún ar phlean oibre lena n-áirítear straitéis agus liosta neamh-uileghabhálach de ghrúpaí táirgí. Sa phlean sin, breithneofar gníomhaíocht eile Comhphobail (e.g. i réimse an tsoláthair phoiblí ghlais), agus féadfar an plean sin a nuashonrú i gcomhréir leis na cuspóirí straitéiseacha is déanaí de chuid an Chomhphobail i réimse an chomhshaoil. Déanfar an plean sin a nuashonrú go tráthrialta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|