+Airteagal 4 Údarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 6.
|
Airteagal 4 Údarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh údarás buan náisiúnta um imscrúdú sábháilteachta san eitlíocht shibhialta (“údarás um imscrúdú sábháilteachta”), imscrúduithe sábháilteachta a sheoladh nó a mhaoirsiú, gan cur isteach seachtrach, agus beidh an t-údarás sin ábalta imscrúdú sábháilteachta iomlán a dhéanamh go neamhspleách, ar a chonlán féin nó trí chomhaontuithe le húdaráis eile um imscrúdú sábháilteachta.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Feidhmeoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta go neamhspleách agus beidh sé neamhspleách go háirithe ar na húdaráis eitlíochta atá freagrach as aeracmhainneacht, as deimhniúchán, as oibriú eitiltí, as cothabháil, as ceadúnú, as rialú aerthráchta nó as oibriú aeradróm agus, i gcoitinne, beidh sé neamhspleách ar aon pháirtí nó eintiteas eile a bhféadfadh a leasanna nó a misin a bheith i gcoimhlint leis an gcúram a thugtar don údarás um imscrúdú sábháilteachta nó tionchar a imirt ar a oibiachtúlacht.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Ní iarrfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, le linn an t-imscrúdú sábháilteachta a sheoladh, teagaisc ó aon duine ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon duine agus beidh údarás neamhshrianta aige maidir le seoladh na n-imscrúduithe sábháilteachta.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Féadfar na gníomhaíochtaí a thugtar mar chúram don údarás um imscrúdú sábháilteachta a leathnú chuig bailiú agus anailísiú faisnéise a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta, go háirithe chun críocha coiscthe tionóiscí, a mhéid nach ndéanann na gníomhaíochtaí sin difear do neamhspleáchas an údaráis agus nach ngabhann freagracht leo ó thaobh nithe a bhaineann le rialáil, riarachán nó caighdeáin.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na modhanna atá ag teastáil maidir le freagrachtaí an údaráis um imscrúdú sábháilteachta a chomhlíonadh go neamhspleách a thabhairt don údarás um imscrúdú sábháilteachta agus beidh sé in ann acmhainní leormhaithe a fháil chun déanamh amhlaidh. Go háirithe:
(a)
maidir le ceann an údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus/nó i gcás údaráis ilmhódaigh, maidir le ceann a bhrainse eitlíochta, beidh an taithí agus an cumas maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta aige nó aici chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhall i gcomhréir leis an Rialacháin seo agus leis an dlí náisiúnta;
(b)
tabharfar stádas do na himscrúdaitheoirí a fhágfaidh go mbeidh na ráthaíochtaí riachtanacha acu maidir le neamhspleáchas;
(c)
is é a bheidh san údarás um imscrúdú sábháilteachta ná imscrúdaitheoir amháin ar a laghad a bheidh ar fáil agus a bheidh in ann feidhm an imscrúdaitheora i gceannas a chomhlíonadh má tharlaíonn mórthionóisc aeir;
(d)
cionroinnfear buiséad ar an údarás um imscrúdú sábháilteachta agus beidh an buiséad sin de chineál a chuireann ar a chumas a fheidhmeanna a chomhlíonadh;
(e)
beidh fáil ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta, go díreach nó tríd an gcomhar dá dtagraítear in Airteagal 6, nó trí shocruithe le húdaráis náisiúnta eile, ar phearsanra cáilithe agus ar shaoráidí leordhóthanacha, lena n-áirítear oifigí agus haingir, chun go bhféadfar an t-aerárthach, nithe a bhí ann agus a raic a stóráil agus a scrúdú;
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|