+RIALACHÁN (AE) Uimh. 996/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Raon feidhme
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 4 Údarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 5 Dualgas imscrúdaithe
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
------+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 6 Comhar idir údaráis um imscrúdú sábháilteachta
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 7 Gréasán Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
------+Airteagal 7 5.
------+Airteagal 7 6.
------+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 8 Rannpháirtíocht EASA agus údarás eitlíochta sibhialta in imscrúduithe sábháilteachta
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 9 An oibleagáid fógra a thabhairt faoi thionóiscí agus faoi theagmhais thromchúiseacha
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 10 Rannpháirtíocht na mBallstát in imscrúduithe sábháilteachta
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 11 Stádas na n-imscrúdaitheoirí sábháilteachta
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 12 Imscrúduithe a chomhordú
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 13 Fianaise a chaomhnú
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 14 Faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 15 Faisnéis a chur in iúl
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
------+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 16 Tuarascáil an imscrúdaithe
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
------+Airteagal 16 4.
------+Airteagal 16 5.
------+Airteagal 16 6.
------+Airteagal 16 7.
------+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 17 Moltaí sábháilteachta
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 18 Gníomhartha ag leanúint as moltaí sábháilteachta agus bunachar sonraí na moltaí sábháilteachta
------+Airteagal 18 1.
------+Airteagal 18 2.
------+Airteagal 18 3.
------+Airteagal 18 4.
------+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 20 Faisnéis faoi dhaoine agus faoi earraí contúirteacha ar bord
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 21 Cúnamh d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta
------+Airteagal 21 1.
------+Airteagal 21 2.
------+Airteagal 21 3.
------+Airteagal 21 4.
------+Airteagal 21 5.
------+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 22 Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta
------+Airteagal 22 1.
------+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 23 Pionóis
---+Airteagal 24 An Rialachán a leasú
---+Airteagal 25 Aisghairm
---+Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN
English - European Union - Aviation -

RIALACHÁN (AE) Uimh. 996/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

RIALACHÁN (AE) Uimh. 996/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2010

maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar
Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “tionóisc” tarlú a bhaineann le hoibríocht aerárthaigh, ar tarlú é, i gcás aerárthaigh fhoireannaithe, a tharlaíonn idir an t-am a théann aon duine ar bord an aerárthaigh a bheartaítear a eitilt agus an t-am a bheidh gach duine tar éis tuirlingt de, nó i gcás aerárthaigh neamhfhoireannaithe, a tharlaíonn idir an t-am atá an t-aerárthach réidh chun gluaiseacht chun críche eitilte agus an t-am a stopann sé ag deireadh na heitilte agus a mhúchtar an príomhchóras tiomána, agus ar tarlú é:

(a) 

ina ndíobháiltear duine go marfach nó go tromchúiseach mar thoradh ar na nithe seo a leanas:

— 
é a bheith san aerárthach,
— 
teagmháil dhíreach a dhéanamh le haon chuid den aerárthach, lena n-áirítear codanna atá tar éis titim den aerárthach, nó
— 
teacht go díreach faoi lé scairdsoinneán,

seachas nuair is é is cúis leis an díobháil ná cúiseanna nádúrtha, féinghortú nó gortú ag daoine eile, nó nuair a bhaineann an díobháil d’fholachánaithe atá i bhfolach lasmuigh de na limistéir atá ar fáil do na paisinéirí nó don chriú de ghnáth;

(b) 

ina dtarlaíonn damáiste nó cliseadh déanmhais don aerárthach, ar damáiste nó cliseadh é a bhfuil drochthionchar acu ar neart déanmhais, ar fheidhmíocht nó ar shaintréithe eitilte an aerárthaigh agus a mbeadh mórdheisiú nó athsholáthar na comhpháirte lena mbaineann ag teastáil ina leith go hiondúil, cé is moite de chliseadh an innill nó damáiste don inneall nuair atá an damáiste teoranta d’aon inneall amháin (lena n-áirítear a chochaill nó a ghabhálais), do liáin, do reanna sciatháin, d’aintéiní, do thóireadóirí, d’eití, do bhoinn, do choscáin, do rothaí, do shlímithe, do phainéil, do dhoirse na gcos tuirlingthe, do ghaothscáthanna, do chraiceann an aerárthaigh (amhail loig bheaga nó poill) nó do mhiondamáiste do phríomhlanna rótair, do lanna rótair dheiridh, do chosa tuirlingthe, agus do dhamáiste mar thoradh ar chlocha sneachta nó ar imbhualadh éin (lena n-áirítear poill sa chón radair); nó

(c) 

ina bhfuil an t-aerárthach ar iarraidh nó nach bhfuil rochtain air in aon chor;

(2) 

ciallaíonn “ionadaí creidiúnaithe” duine a ainmníonn Stát, ar bhonn a cháilíochtaí nó a cáilíochtaí, chun páirt a ghlacadh in imscrúdú sábháilteachta arna sheoladh ag Stát eile. Beidh ionadaí creidiúnaithe a bheidh ainmnithe ag Ballstát ina chomhalta d’údarás um imscrúdú sábháilteachta;

(3) 

ciallaíonn “comhairleoir” duine a cheapann Stát, ar bhonn a cháilíochtaí, chun cabhrú lena ionadaí creidiúnaithe le linn imscrúdaithe sábháilteachta;

(4) 

ciallaíonn “cúiseanna” gníomhaíochtaí, easnaimh, imeachtaí, dálaí nó meascán díobh sin, ar nithe iad as ar lean an tionóisc nó an teagmhas; ní hintuigthe as na cúiseanna a shainaithint agus milleán a shannadh ná dliteanas riaracháin, sibhialta nó coiriúil a chinneadh;

(5) 

ciallaíonn “díobháil mharfach” díobháil a bhaineann do dhuine i dtionóisc agus gur trúig báis dó nó di í laistigh de 30 lá ó dháta na tionóisce;

(6) 

ciallaíonn “taifeadán eitilte” aon chineál taifeadáin atá suiteáilte san aerárthach chun imscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí nó ar theagmhais a éascú;

(7) 

ciallaíonn “teagmhas” tarlú, seachas timpiste, ar tarlú é a bhaineann le hoibriú aerárthaigh agus a dhéanann difear, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, do shábháilteacht na hoibríochta;

(8) 

ciallaíonn “caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta” caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta maidir le tionóiscí agus teagmhais aerárthaí a imscrúdú arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Choinbhinsiún Chicago;

(9) 

ciallaíonn “imscrúdaitheoir i gceannas” duine atá freagrach, ar bhonn a cháilíochtaí, as imscrúdú sábháilteachta a eagrú, a sheoladh agus a rialú;

(10) 

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a oibríonn aerárthach amháin nó níos mó nó a bheartaíonn aerárthach amháin nó níos mó a oibriú;

(11) 

ciallaíonn “duine lena mbaineann” an t-úinéir, duine den chriú, oibreoir an aerárthaigh ar bhain tionóisc nó teagmhas tromchúiseach dó; aon duine a bhfuil baint aige le cothabháil, le dearadh, nó le monarú an aerárthaigh sin nó le hoiliúint a chur ar a chriú; aon duine a bhfuil baint aige le rialú aerthráchta a sholáthar, le faisnéis eitilte nó le seirbhísí aeradróim a sholáthar agus ar duine é nó í a sholáthair seirbhísí don aerárthach; foireann an údaráis náisiúnta um eitlíocht shibhialta; foireann EASA;

(12) 

ciallaíonn “réamhthuarascáil” an chumarsáid a úsáidtear chun sonraí a fhaightear le linn luathchéimeanna an imscrúdaithe a scaipeadh go pras;

(13) 

ciallaíonn “gaolta” an neasteaghlach agus/nó neasghaol agus/nó duine eile a bhfuil dlúthbhaint aige le híospartach tionóisce, de réir mar a shainmhínítear faoi dhlí náisiúnta an íospartaigh;

(14) 

ciallaíonn “imscrúdú sábháilteachta” próiseas a sheolann údarás um imscrúdú sábháilteachta chun tionóiscí agus teagmhais a chosc, lena n-áirítear faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, teacht ar thátail, lena n-áirítear an chúis nó na cúiseanna agus/nó na fachtóirí rannchuiditheacha a chinneadh agus, nuair is iomchuí, moltaí sábháilteachta a dhéanamh;

(15) 

ciallaíonn “moladh sábháilteachta” moladh ó údarás um imscrúdú sábháilteachta, agus é bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar imscrúdú sábháilteachta nó ar fhoinsí eile amhail staidéir shábháilteachta, arna ndéanamh le hintinn tionóiscí agus teagmhais a chosc;

(16) 

ciallaíonn “teagmhas tromchúiseach” teagmhas atá bainteach le hoibriú aerárthaigh agus ar léir ina thaobh, mar gheall ar na himthosca a bhain leis, go raibh dóchúlacht ard tionóisce ann, más rud é, i gcás aerárthaigh fhoireannaithe, go dtarlaíonn an t-oibriú sin idir an t-am a théann aon duine ar bord an aerárthaigh a bheartaítear a eitilt go dtí an t-am a dtuirlingíonn gach duine den sórt sin, nó i gcás aerárthaigh neamhfhoireannaithe, go dtarlaíonn an t-oibriú sin idir an t-am atá an t-aerárthach réidh chun gluaiseacht i gcomhair eitilte agus an t-am a stopann sé ag deireadh na heitilte agus a mhúchtar an príomhchóras tiomána. Tá liosta samplaí de theagmhais thromchúiseacha leagtha amach san Iarscríbhinn;

(17) 

ciallaíonn “díobháil thromchúiseach” díobháil a bhaineann do dhuine i dtionóisc agus as a leanann ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a) 

ospidéalú ar feadh níos mó ná 48 n-uaire an chloig agus tús na tréimhse sin a bheith laistigh de sheacht lá ón dáta ar bhain an díobháil don duine;

(b) 

briseadh aon chnáimhe (seachas bristeacha simplí sna méara, sna méara coise nó sa tsrón);

(c) 

stolltaí atá ina gcúis le fuiliú trom nó le damáiste do na néaróga, do na matáin nó do na teannáin;

(d) 

díobháil ar orgán inmheánach;

(e) 

ball dóite den dara grád nó den tríú grád, nó aon dó ar níos mó ná 5 % de dhromchla na colainne;

(f) 

teacht faoi lé substaintí ionfhabhtaíocha nó radaíochta dochraí, agus fíorú ann ina leith sin.

Airteagal 3 Raon feidhme
Airteagal 4 Údarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta
Airteagal 5 Dualgas imscrúdaithe
Airteagal 6 Comhar idir údaráis um imscrúdú sábháilteachta
Airteagal 7 Gréasán Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta
Airteagal 8 Rannpháirtíocht EASA agus údarás eitlíochta sibhialta in imscrúduithe sábháilteachta
Airteagal 9 An oibleagáid fógra a thabhairt faoi thionóiscí agus faoi theagmhais thromchúiseacha
Airteagal 10 Rannpháirtíocht na mBallstát in imscrúduithe sábháilteachta
Airteagal 11 Stádas na n-imscrúdaitheoirí sábháilteachta
Airteagal 12 Imscrúduithe a chomhordú
Airteagal 13 Fianaise a chaomhnú
Airteagal 14 Faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint
Airteagal 15 Faisnéis a chur in iúl
Airteagal 16 Tuarascáil an imscrúdaithe
Airteagal 17 Moltaí sábháilteachta
Airteagal 18 Gníomhartha ag leanúint as moltaí sábháilteachta agus bunachar sonraí na moltaí sábháilteachta
Airteagal 20 Faisnéis faoi dhaoine agus faoi earraí contúirteacha ar bord
Airteagal 21 Cúnamh d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta
Airteagal 22 Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta
Airteagal 23 Pionóis

Airteagal 23

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit na rialacha síos maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 24 An Rialachán a leasú

Airteagal 24

An Rialachán a leasú

Beidh an Rialachán seo faoi réir athbhreithnithe tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2014. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart an Rialachán seo a leasú, iarrfaidh sé ar an nGréasán réamhthuairim a eisiúint agus cuirfear an réamhthuairim sin ar aghaidh freisin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig na Ballstáit agus chuig EASA.

Airteagal 25 Aisghairm

Airteagal 25

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 94/56/CE leis seo.

Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

IARSCRÍBHINN




IARSCRÍBHINN

Liosta samplaí de theagmhais thromchúiseacha

Maidir leis na teagmhais atá liostaithe thíos, is samplaí tipiciúla iad de na teagmhais ar dóigh dóibh a bheith ina dteagmhais thromchúiseacha. Ní liosta uileghabhálach é agus níl ann ach treoir ó thaobh an tsainmhínithe ar ‘teagmhas tromchúiseach’:

— 
Neas-imbhualadh a éilíonn inlíocht seachanta chun imbhualadh nó staid chontúirteach a sheachaint nó i gcás ina mbeadh gníomh seachanta oiriúnach,
— 
Is ar éigean a sheachnaítear imbhualadh in aghaidh na talún gan rialú na heitilte a chailleadh,
— 
Stop curtha le turgbháil ó rúidbhealach dúnta nó ó rúidbhealach gafa, ó bhealach innlithe, seachas oibríochtaí údaraithe ag héileacaptair, nó ó rúidbhealach neamhshannta,
— 
Turgbháil ó rúidbhealach dúnta nó ó rúidbhealach gafa, ó bhealach innlithe, seachas oibríochtaí údaraithe ag héileacaptair, nó ó rúidbhealach neamhshannta,
— 
Tuirlingt nó iarracht ar thuirlingt ar rúidbhealach dúnta nó ar rúidbhealach gafa, ar bhealach innlithe, seachas oibríochtaí údaraithe ag héileacaptair, nó ar rúidbhealach neamhshannta,
— 
Mórchlistí na feidhmíochta a bhí tuartha a bhaint amach le linn turgbhála nó le linn an dreaptha tosaigh,
— 
Dóiteáin agus deatach in urrann na bpaisinéirí nó in urranna an lasta nó dóiteáin san inneall, d’ainneoin gur múchadh na dóiteáin sin le hoibreáin mhúchta,
— 
Imeachtaí a éilíonn úsáid éigeandála ocsaigine ag an bhfoireann eitilte,
— 
Cliseadh déanmhasach an aerárthaigh nó díscaoileadh an innill, lena n-áirítear clistí a bhaineann don inneall tuirbín agus nach sriantar, agus nach n-aicmítear mar thionóisc,
— 
Iliomad mífheidhmeanna i gcóras amháin nó níos mó den aerárthach a dhéanann difear tromchúiseach acu d’oibriú an aerárthaigh,
— 
An fhoireann eitilte a bheith éagumasaithe le linn eitilte,
— 
Leibhéal breosla ar dá bharr a cheanglaítear ar an bpíolóta éigeandáil a fhógairt,
— 
Ionraí ar rúidbhealach arna aicmiú le déine A de réir an Lámhleabhair um Ionraí ar Rúidbhealach a Chosc (EESI Doc 9870),
— 
Teagmhais le linn turgbhála nó tuirlingthe. Teagmhais amhail gan rúidbhealaigh a shroicheadh, eitilt rófhada tharstu nó imeacht ó thaobh rúidbhealaigh,
— 
Clistí córas, feiniméin aimsire, oibriú lasmuigh den imchlúdach formheasta eitilte nó tarluithe eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le deacrachtaí maidir le rialú an aerárthaigh,
— 
Cliseadh níos mó ná córas amháin i gcóras iomarcaíochta atá éigeantach maidir le treoraíocht eitilte agus loingseoireacht.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas