+Airteagal 10 1.

Airteagal 10 1.

Chun críocha Airteagal 4 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, sula mbeidh orthu iad féin a shainaithint roimh sheoladh an nós imeachta, go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar mhíniú atá cuimsitheach go leor, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir maidir leis na gnéithe seo a leanas de na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2):

(a) 

céimeanna ábhartha an nós imeachta atá le comhlíonadh ag an úsáideoir, lena n-áirítear aon eisceacht faoi Airteagal 6(3) ar oibleagáid na mBallstát an nós imeachta a thairiscint go hiomlán ar líne;

(b) 

ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an nós imeachta, lena n-áirítear a shonraí teagmhála;

(c) 

na modhanna inghlactha fíordheimhnithe, sainaitheanta agus sínithe don nós imeachta;

(d) 

cineál agus formáid na fianaise atá le cur isteach;

(e) 

na modhanna sásaimh nó achomhairc atá ar fáil go ginearálta i gcás díospóidí leis na húdaráis inniúla;

(f) 

na táillí is infheidhme agus an modh íocaíochta ar líne;

(g) 

aon spriocdhátaí atá le hurramú ag an úsáideoir nó ag an údarás inniúil agus i gcás nach bhfuil aon spriocdhátaí ann, an mheántréimhse ama mheasta nó an mheántréimhse ama tháscaigh a bheadh de dhíth ar údarás inniúil chun an nós imeachta a thabhairt chun críche;

(h) 

►C1  aon rialacha a bhaineann leis an easpa freagartha ón údarás inniúil agus na hiarmhairtí dlíthiúla d'úsáideoirí de bharr na rialacha sin, lena n-áirítear socruithe intuigthe formheasa nó socruithe tosta riaracháin; ◄

(i) 

teanga bhreise ar bith inar féidir an nós imeachta a chur i gcrích.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas