|
+Airteagal 1 1. |
Airteagal 1 1.Leis an Rialachán seo, bunaítear sásra rialachais chun:
(a)
straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun go gcomhlíonfar cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus tiomantais fhadtéarmacha an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, go háirithe cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), agus, don chéad tréimhse 10 mbliana, ó 2021 go 2030, go háirithe spriocanna an Aontais do 2030 don fhuinneamh agus don aeráid;
(b)
comhar idir na Ballstáit a spreagadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, ar comhar é atá ceaptha chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach;
(c)
tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine thuairisciú an Aontais agus na mBallstát chuig rúnaíocht UNFCCC agus chuig rúnaíocht Chomhaontú Pháras a áirithiú;
(d)
rannchuidiú le cinnteacht rialála níos fearr mar aon le rannchuidiú le cinnteacht níos fearr d'infheisteoirí agus cuidiú leis an leas iomlán a bhaint as deiseanna ar fhorbairt eacnamaíoch, spreagadh infheistíochta, cruthú post agus comhtháthú sóisialta. Bunaítear an sásra rialachais ar straitéisí fadtéarmacha, ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chumhdaíonn tréimhsí deich mbliana ó 2021 go 2030, ar thuarascálacha comhfhreagracha na mBallstát ar dhul chun cinn náisiúnta maidir le cúrsaí fuinnimh agus aeráide agus ar shocruithe comhtháite faireacháin ag an gCoimisiún. Áirítear leis an sásra rialachais go mbeidh deiseanna éifeachtacha ann don phobal chun a bheith rannpháirteach in ullmhú na bpleananna náisiúnta sin agus na straitéisí fadtéarmacha sin. Cuimsíonn sé próiseas struchtúrtha, trédhearcach agus atriallach idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun críocha pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt chun críche agus chun iad a chur chun feidhme ina dhiaidh sin, lena n-áirítear próiseas maidir le comhar réigiúnach, agus gníomhaíocht chomhfhreagrach an Choimisiúin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|