+Airteagal 13 Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
|
Airteagal 13 Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Leis an gClár, éascófar sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn III, go háirithe trí shocruithe le haghaidh cistiú forlíontach ó chláir an Aontais i gcás ina gceadófar sin leis na socruithe bainistíochta. Féadfar cistiú ó chláir eile a chur chun úsáide i seicheamh, ar bhealach malartaithe, nó trí na cistí a chur le chéile, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chomhchistiú. Agus é ag giaráil ghné chomhlántach an Chláir le cláir eile de chuid an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfear bac ar bhaint amach na gcuspóirí sonracha.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán an Chláir le beartais agus cláir ábhartha an Aontais i gcomhar leis na Ballstáit. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún bunú sásraí iomchuí le haghaidh comhordú idir údaráis ábhartha agus idir údaráis den sórt sin agus an Coimisiún a éascú, agus bunóidh sé na huirlisí faireacháin iomchuí chun sineirgíochtaí idir an Clár agus aon ionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais a áirithiú go córasach. Leis na socruithe dá dtagraítear i mír 1, rannchuideofar le dúbláil a sheachaint agus le tionchar dearfach an chaiteachais a uasmhéadú.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Tugtar tuairisc ar shineirgí Chuspóir Sonrach 6 le Cláir eile de chuid an Aontais in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/1781 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|