+Airteagal 20 Foireann
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.

Airteagal 20 Foireann

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Maidir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 6 ) agus sna rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir le foireann an Chomhghnóthais.
Airteagal 20 2.
Déanfaidh an Bord Rialaithe, maidir le foireann an Chomhghnóthais, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta don Údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (“cumhachtaí an údaráis cheapacháin”).
Airteagal 20 3.
Glacfaidh an Bord Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean sin a chur ar fionraí. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
Airteagal 20 4.
I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. Sna cásanna sin, feidhmeoidh an Bord Rialaithe cumhachtaí an údaráis ceapacháin é féin nó tarmligfidh sé iad chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne de chuid an Chomhghnóthais seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Airteagal 20 5.
Glacfaidh an Bord Rialaithe rialacha iomchuí cur chun feidhme le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.
Airteagal 20 6.
Leagfar na hacmhainní foirne amach i bplean bunaithe foirne an Chomhghnóthais, plean ina dtugtar le fios líon na bpost sealadach de réir an ghrúpa feidhme agus de réir gráid, chomh maith le líon na foirne ar conradh arna gcur in iúl i gcoibhéisí lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil.
Airteagal 20 7.
Beidh foireann shealadach agus foireann ar conradh ag obair don Chomhghnóthas.
Airteagal 20 8.
Seasfaidh an Comhghnóthas na costais go léir a bhaineann leis an bhfoireann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas