|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2010/31/AE, déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad, gach bliain chun iad a athrú ar a laghad ina bhfoirgnimh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú cé na foirgnimh a áireofar sa cheanglas athchóirithe 3 %, agus an aird chuí á tabhairt ar chostéifeachtúlacht agus ar indéantacht theicniúil i dtaca leis na foirgnimh a roghnófar chun athchóiriú a dhéanamh orthu. Féadfaidh na Ballstáit tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón oibleagáid athchóiriú a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás nach mbeadh na hathchóirithe sin neodrach ó thaobh costais de nó ina mbeadh méaduithe cíosa mar thoradh orthu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta mura bhfuil na méaduithe cíosa sin níos airde ná an coigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh. I gcás ina n-áitíonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, rachaidh siad i mbun caibidlíochta leis an úinéir, go háirithe nuair a shroichfidh siad pointe truicir amhail athnuachan cíosa, athrú úsáide, mórobair dheisiúcháin nó chothabhála, agus é mar aidhm clásail chonarthacha a bhunú chun go mbeidh an foirgneamh ar a laghad ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de nó ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha. Déanfar an ráta de 3 % ar a laghad a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí iad agus, an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|