2. I mbonneagar rialtais an chórais nascachta sláine áireofar na sócmhainní ar talamh agus na sócmhainní spáis gaolmhara uile is gá chun na seirbhísí rialtais a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 10(1), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo, lena n-áirítear na sócmhainní seo a leanas:
|
(a)
|
satailítí nó fochórais satailíte, lena n-áirítear pálastaí;
|
|
(c)
|
bonneagar chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil an bhonneagair rialtais agus na seirbhísí rialtais;
|
|
(d)
|
bonneagar ar talamh chun na seirbhísí a sholáthar do na húsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, lena n-áirítear an chuid ar talamh de bhonneagar GOVSATCOM atá le huas-scálú, go háirithe na Moil GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2021/696.
|
Mar chuid den bhonneagar rialtais, beidh, i gcás inarb iomchuí, fochórais bhreise satailíte, go háirithe pálastaí, a fhéadfar a úsáid mar chuid de bhonneagar spásbhunaithe na gcomhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/696 faoi na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin, mar aon le fochórais satailíte a úsáidtear chun seirbhísí neamhchumarsáide a sholáthar do na Ballstáit.