+Airteagal 25 Rialacha is infheidhme i leith allmhairiú earraí
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.

Airteagal 25 Rialacha is infheidhme i leith allmhairiú earraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Gan dochar d’Airteagal 2a, ní cheadóidh na húdaráis chustaim d’aon duine cé is moite de dhearbhóir SCCT údaraithe earraí a allmhairiú.
Airteagal 25 2.
Déanfaidh na húdaráis chustaim go tréimhsiúil agus go huathoibríoch, go háirithe trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faisnéis shonrach maidir leis na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairiú a chur in iúl don Choimisiún. Áireofar leis an bhfaisnéis sin an uimhir EORI nó cineál aitheantais an allmhaireora nó an dearbhóra SCCT údaraithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, chomh maith le huimhir chuntais SCCT an dearbhóra SCCT údaraithe, cód AC ocht ndigit na n-earraí, an chainníocht, an tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe custaim agus an nós imeachta custaim. I gcás nach bhfuil aon uimhir EORI ag an allmhaireoir, cuirfidh na húdaráis chustaim ainm, seoladh agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis teagmhála an allmhaireora in iúl don Choimisiún freisin.
Airteagal 25 3.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo in iúl go tréimhsiúil d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe nó an t-allmhaireoir bunaithe agus déanfaidh sé, i gcás gach dearbhóra SCCT, cros-seiceáil ar an bhfaisnéis sin leis na sonraí i gclárlann SCCT de bhun Airteagal 14.
Airteagal 25 4.
Féadfaidh na húdaráis chustaim, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl don Choimisiún agus d’údarás inniúil an Bhallstáit a rinne stádas an dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú nó d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe nó an t-allmhaireoir bunaithe.
Airteagal 25 5.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 maidir leis an Rialachán seo.
Airteagal 25 6.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear raon na faisnéise, agus an tréimhsiúlacht, uainiú agus an modh chun an fhaisnéis a chur in iúl de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas