6. San fhógra dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit, don bhliain ábhartha, na nithe seo a leanas a shainaithint:
|
(a)
|
limistéir ina rannchuidíonn iompar trasteorann truaillithe aeir ó aon Bhallstát nó ó níos mó ná sin go suntasach le sárú na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna sna limistéir sin;
|
|
(b)
|
aonaid chríochacha meánteagmhála, ina gcuireann iompar trasteorann truaillithe aeir ó Bhallstát amháin nó níos mó go mór le sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh ag na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála sna haonaid sin.
|
Féadfaidh Ballstát liostaí na limistéar sin agus na n-aonad críochach meánteagmhála a sholáthar do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún mar aon le faisnéis faoi thiúchaintí agus an fhianaise lena léirítear go rannchuidíonn truailliú aeir ó fhoinsí trasteorann, lena n-áirítear truailliú ó thríú tíortha, nach bhfuil aon rialú díreach ag an mBallstát sin orthu, go mór leis na sáruithe sin. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a mheas, i gcás inarb ábhartha, chun críocha Airteagal 18.