|
+Airteagal 15 1. |
Airteagal 15 1.Déanfaidh na Ballstáit athúsáid fuíolluisce chóireáilte ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh a chur chun cinn ar bhealach córasach i gcás inarb iomchuí, go háirithe i limistéir ina bhfuil strus ar acmhainní uisce, agus chun gach críche iomchuí uile. Déanfar measúnú ar an bpoitéinseal fuíolluisce cóireáilte a athúsáid ar bhealach lena dtugtar aird ar na pleananna bainistithe abhantraí a bunaíodh faoi Threoir 2000/60/CE (‘pleananna bainistithe abhantraí’) agus ar chinntí na mBallstát faoi Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/741. Nuair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid nó má tá sé beartaithe é a athúsáid, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh sé sreabhadh éiceolaíoch na n-uiscí glactha i mbaol agus nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach aige ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, comhlíonfaidh sé ceanglais Rialachán (AE) 2020/741. I gcás ina bhfuil straitéisí maidir le hathléimneacht uisce ar leibhéal na mBallstát ar fáil, cuirfear san áireamh sna straitéisí sin bearta maidir le hathúsáid fuíolluisce chóireáilte a chur chun cinn agus bearta maidir leis an athúsáid í féin. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce uirbeach cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, féadfaidh na Ballstáit maolú ar na ceanglais maidir le cóireáil threasach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I, don chodán den fhuíolluisce uirbeach cóireáilte atá ceaptha lena athúsáid go heisiach in uisciú talmhaíochta, i gcás inar féidir an méid seo a leanas ar fad a léiriú:
(a)
nach sáraíonn an cion cothaitheach sa chodán arna athúsáid éileamh cothaitheach na mbarr spriocdhírithe;
(b)
nach bhfuil aon riosca ann don chomhshaol, go háirithe maidir le heotrófú na n-uiscí sa dobharcheantar céanna;
(c)
nach bhfuil aon riosca do shláinte an duine go háirithe maidir le horgánaigh phataigineacha;
(d)
go bhfuil a dhóthain acmhainneachta ag an ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh fuíolluisce a chóireáil nó a stóráil, ionas nach ndéanfaí sceitheadh isteach in uiscí glactha fuíolluisce uirbigh nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|