+Airteagal 16 Laghdú ar chainníocht na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.

Airteagal 16 Laghdú ar chainníocht na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Ní cheadófar hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh ach amháin a mhéid is gur leithdháil an Coimisiún cuóta ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí mar a leagtar amach in Airteagal 17.

Ní sháróidh táirgeoirí agus allmhaireoirí a chuireann hidreafluaracarbóin ar an margadh an cuóta atá ar fáil dóibh tráth a gcuirtear ar an margadh iad.

Airteagal 16 2.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hidreafluaracarbóin:

(a) 

a allmhairítear isteach san Aontas lena scriosadh;

(b) 

a úsáideann táirgeoir mar bhunábhar nó a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthais lena n-úsáid mar bhunábhar;

(c) 

a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthais, le honnmhairiú amach as an Aontas, nach bhfuil i dtáirgí nó i dtrealamh, i gcás nach gcuirfear na hidreafluaracarbóin sin ar fáil ina dhiaidh sin d’aon duine eile laistigh den Aontas, roimh an onnmhairiú;

(d) 

a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach le húsáid i dtrealamh míleata;

(e) 

a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthas atá á n-úsáid le heitseáil ábhair leathsheoltóra nó le glanadh coimeádán deasctha gaile ceimicí laistigh den earnáil monaraithe leathsheoltóirí.

Airteagal 16 3.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun mír 2 a leasú agus chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin i gcomhréir le cinntí na bPáirtithe sa Phrótacal.
Airteagal 16 4.

Tar éis iarraidh a dtugtar bunús léi, ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, agus i bhfianaise aon sonraí a chuirfidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh suas go 4 bliana a údarú chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin a úsáidfear i bhfeidhmeanna sonracha, nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh, i gcás ina léirítear san iarraidh:

(a) 

nach bhfuil roghanna eile ar fáil ar na feidhmeanna, ar na táirgí nó ar an trealamh áirithe sin nó nach féidir iad a úsáid ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta nó mar gheall ar rioscaí do shláinte an phobail; agus

(b) 

nach féidir soláthar leordhóthanach hidreafluaracarbón a áirithiú gan costais dhíréireacha a thabhú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 16 5.
Measfar go gcuirtear astaíochtaí hidreafluaracarbón le linn táirgeadh ar an margadh an bhliain a tharlaíonn siad.
Airteagal 16 6.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 17, 20 go 29 agus 31 maidir le hidreafluaracarbóin atá i bpolóil réamhchumaiscthe freisin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas