|
+Airteagal 16 4. |
Airteagal 16 4.Tar éis iarraidh a dtugtar bunús léi, ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, agus i bhfianaise aon sonraí a chuirfidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh suas go 4 bliana a údarú chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin a úsáidfear i bhfeidhmeanna sonracha, nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh, i gcás ina léirítear san iarraidh:
(a)
nach bhfuil roghanna eile ar fáil ar na feidhmeanna, ar na táirgí nó ar an trealamh áirithe sin nó nach féidir iad a úsáid ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta nó mar gheall ar rioscaí do shláinte an phobail; agus
(b)
nach féidir soláthar leordhóthanach hidreafluaracarbón a áirithiú gan costais dhíréireacha a thabhú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|