+Airteagal 71 Cóid ghréasáin a bhunú do ghás nádúrtha
---+Airteagal 71 1
---+Airteagal 71 2
---+Airteagal 71 3
---+Airteagal 71 4
---+Airteagal 71 5
---+Airteagal 71 6
---+Airteagal 71 7
---+Airteagal 71 8
---+Airteagal 71 9
---+Airteagal 71 10
---+Airteagal 71 11
---+Airteagal 71 12
---+Airteagal 71 13
---+Airteagal 71 14
---+Airteagal 71 15

Airteagal 71 Cóid ghréasáin a bhunú do ghás nádúrtha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 71 1

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:

(a)

rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht gréasáin lena n-áirítear rialacha maidir le slándáil gréasáin oibríochtúil chomh maith le rialacha iontaofachta lena n-áirithítear cáilíocht seirbhíse an ghréasáin;

(b)

rialacha maidir le nasc gréasáin lena n-áirítear rialacha maidir le nascadh leis na saoráidí táirgthe gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus nósanna imeachta le haghaidh iarrataí ar nascadh;

(c)

nósanna imeachta oibríochtúla i gcás éigeandála lena n-áirítear na pleananna cosanta córais, na pleananna don athbhunú, idirghníomhaíochtaí an mhargaidh, malartú faisnéise agus uirlisí agus saoráidí cumarsáide;

(d)

rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le cothromúchán córais;

(e)

éifeachtúlacht fuinnimh na ngréasán gáis nádúrtha agus na gcomhpháirteanna chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh maidir le pleanáil gréasáin agus infheistíochtaí lena gcumasaítear an réiteach is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, de réir peirspictíocht córais;

(f)

gnéithe cibearshlándála na sreafaí gáis nádúrtha trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.

Airteagal 71 2

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear cóid ghréasáin sna réimsí seo a leanas:

(a)

rialacha idir-inoibritheachta maidir leis an gcóras gáis nádúrtha, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21 den Rialachán seo agus Airteagail 10, 39 agus 44 de Threoir (AE) 2024/1788, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar chomhaontuithe idirnaisc, rialacha maidir le rialú sreafa agus prionsabail tomhais maidir le cainníocht gáis nádúrtha agus cáilíocht gháis, rialacha leithdháilte agus meaitseála, tacair chomhchoiteanna aonad, malartú sonraí, cáilíocht an gháis, lena n-áirítear rialacha maidir le srianta trádála trasteorann a bhainistiú i ngeall ar dhifríochtaí i gcáilíocht an gháis nó i gcleachtais bholaithe nó i ngeall ar dhifríochtaí sa toirt hidrigine a chumasctar sa chóras gáis náisiúnta, measúnuithe costais is tairbhe ar dheireadh a chur le srianta ar shreafaí trasteorann, aicmiú Innéacs Wobbe, bearta maolaithe, leibhéil íosta ghlactha le paraiméadair cháilíochta gáis is ábhartha chun sreabhadh trasteorann meatáin gan bac a áirithiú, mar shampla cion ocsaigine, faireachán gearrthéarmach agus fhadtéarmach ar an gcáilíocht gáis, soláthar faisnéise agus an comhar idir rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, tuairisciú ar an gcáilíocht gáis, trédhearcacht, nósanna imeachta cumarsáide lena n-áirítear in imthosca eisceachtúla;

(b)

rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 8 go 11 den Rialachán seo agus Airteagal 31 de Threoir (AE) 2024/1788, lena n-áirítear rialacha maidir le comhoibriú i nósanna imeachta cothabhála agus ríomh acmhainne lena ndéantar difear do leithdháileadh acmhainne, caighdeánú táirgí agus aonad acmhainne lena n-áirítear cuachadh, an mhodheolaíocht leithdháilte lena n-áirítear algartaim ceant, seicheamh agus nós imeachta le haghaidh acmhainn atá ann cheana, acmhainn incriminteach, dhocht agus in-idirbhriste, ardáin áirithinte acmhainne, scéimeanna ró-éilimh nó athcheannaigh, scéimeanna ‘mura n-úsáidfear í caillfear í’ gearrthéarmacha nó fadtéarmacha agus aon scéim bainistithe ar phlódú lena gcuirtear cosc ar chnapaireacht acmhainne;

(c)

rialacha maidir le cothromúchán lena n-áirítear rialacha gréasánbhunaithe maidir le nósanna imeachta ainmniúcháin, rialacha maidir le muirir i leith éagothroime, próisis réitigh a bhaineann leis an muirear i leith éagothroime laethúil agus rialacha maidir le cothromúchán oibríochtúil idir córais oibreoirí na gcóras tarchuir lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 8 go 11 den Rialachán seo agus Airteagal 39(5) de Threoir (AE) 2024/1788;

(d)

rialacha maidir le struchtúir taraife tarchuir comhchuibhithe lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 17 agus 18 den Rialachán seo agus Airteagal 78(7) de Threoir (AE) 2024/1788, lena n-áirítear rialacha maidir le cur chun feidhme modheolaíochta praghsála tagartha, na ceanglais ghaolmhara maidir le comhairliúchán agus foilsiú lena n-áirítear maidir leis an ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam chomh maith le ríomh praghsanna cúltaca ar tháirgí acmhainne caighdeánacha, lascainí le haghaidh chríochfort GNL agus stórála, nósanna imeachta le haghaidh cur chun feidhme lascaine i ngás in-athnuaite agus i ngás ísealcharbóin a chur ar fáil, lena n-áirítear prionsabail chomhchoiteanna le haghaidh sásraí cúitimh d’oibreoirí córais idir-tharchurtha de bhun Airteagal 17(4) agus Airteagal 18 den Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí;

(e)

rialacha maidir le luach na sócmhainní a aistríodh agus an mhuirir thiomanta a chinneadh;

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(3).

Airteagal 71 3

3.   Tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta, gach 3 bliana, lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 mar réimsí a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin.

I gcás ina mbíonn baint dhíreach ag ábhar an chóid gréasáin le hoibriú an chórais dáileacháin agus nach mbíonn príomh-bhaint aige leis an gcóras tarchuir, féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar leis an ENTSO don Ghás, coiste dréachtaithe a thionól agus togra maidir le cód gréasáin a chur faoi bhráid ACER.

Airteagal 71 4

4.   Iarrfaidh an Coimisiún ar ACER creat-treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoina bhráid, laistigh de thréimhse réasúnta nach faide ná 6 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ina leagfar amach prionsabail shoiléire agus oibiachtúla maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta. Féadfar dálaí a chuimsiú san iarraidh sin ón gCoimisiún a dtabharfar aghaidh orthu sna creat-treoirlínte. Rannchuideoidh na creat-treoirlínte sin le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú cuí an mhargaidh. Ar iarraidh réasúnaithe ó ACER, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse maidir le creat-treoirlínte a chur isteach a fhadú.

Airteagal 71 5

5.   Rachaidh ACER i gcomhairle le ENTSO don Ghás, le ENNOH, le heintiteas AE do OCDanna, agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis na creat-treoirlínte, ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.

Airteagal 71 6

6.   Déanfaidh ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi mhír 4.

Airteagal 71 7

7.   Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn na creat-treoirlínte le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach ná feidhmiú cuí an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar ACER athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat-treoirlíne laistigh de thréimhse réasúnach agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin athuair.

Airteagal 71 8

8.   Má mhainníonn ACER creat-treoirlínte a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó í a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 4 nó faoi mhír 7, déanfaidh an Coimisiún na creat-treoirlínte lena mbaineann a fhorbairt.

Airteagal 71 9

9.   Iarrfaidh an Coimisiún ar ENTSO don Ghás nó, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, ar eintiteas AE do OCDanna i gcomhar le ENTSO don Ghás, togra maidir le cód gréasáin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ábhartha a chur faoi bhráid ACER laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiúin.

Airteagal 71 10

10.   Déanfaidh ENTSO don Ghás, nó, i gcás dá bhforáiltear sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Ghás, coiste dréachtaithe a thionól chun cúnamh a thabhairt dó i bpróiseas forbartha na gcód gréasáin. Ar an gcoiste dréachtaithe sin, beidh ionadaithe ar ACER, ar ENTSO don Ghás, ar ENNOH, i gcás inarb iomchuí ar eintiteas AE do OCDanna, mar aon le líon teoranta de na geallsealbhóirí sin is mó lena mbaineann. Déanfaidh ENTSO don Ghás nó, i gcás dá bhforáiltear sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Ghás moltaí a tharraingt suas maidir le cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 arna iarraidh sin ag an gCoimisiún de bhun mhír 9.

Airteagal 71 11

11.   Déanfaidh ACER athbhreithniú ar an togra le haghaidh cód gréasáin chun a áirithiú go gcomhlíonann sé an chreat-treoirlíne ábhartha agus go rannchuidíonn sé le comhtháthú an mhargaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí leagan athbhreithnithe den chód gréasáin don Choimisiún laistigh de 6 mhí ón lá a gheofar an togra. Sa togra a chuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a fuarthas ó gach páirtí agus an togra le haghaidh cód gréasáin á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an togra athbhreithnithe le haghaidh cód gréasáin a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 71 12

12.   I gcás ENTSO don Ghás nó eintitis AE do OCDanna a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den tréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún de bhun mhír 9, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na gcreat-treoirlínte ábhartha. Féadfaidh ACER comhairliúchán eile a sheoladh chun dréachtchód gréasáin a ullmhú de bhun na míre seo. Déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin, arna ullmhú de bhun na míre seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

Airteagal 71 13

13.   I gcás inar mhainnigh ENTSO don Ghás nó eintitis AE do OCDanna cód gréasáin a fhorbairt, nó inar mhainnigh ACER dréachtchód gréasáin a fhorbairt dá dtagraítear i mír 12, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, nó ar bhonn togra ó ACER faoi mhír 11, cód gréasáin amháin nó níos mó a ghlacadh sna réimsí a liostaítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 71 14

14.   I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin dá dtagraítear i mír 13, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 mhí.

Airteagal 71 15

15.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na treoirlínte a ghlacadh agus a leasú de réir mar a leagtar síos in Airteagal 74. Beidh sé gan dochar don fhéidearthacht atá ag ENTSO don Ghás treoir neamhcheangailteach a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa chás nach mbaineann treoir den chineál sin le réimsí a chumhdaítear le hiarraidh a chuirfear chuig ENTSO don Ghás ón gCoimisiún. Cuirfidh ENTSO don Ghás aon treoir den chineál sin faoi bhráid ACER ionas go dtabharfaidh sí tuairim ina leith agus tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas