+Airteagal 28 An scéim feidhmíochta a chur chun feidhme
---+Airteagal 28 (a)
---+Airteagal 28 (b)
---+Airteagal 28 (c)
---+Airteagal 28 (d)
---+Airteagal 28 (e)
---+Airteagal 28 (f)
---+Airteagal 28 (g)
---+Airteagal 28 (h)
---+Airteagal 28 (i)
---+Airteagal 28 (j)
---+Airteagal 28 2
|
Airteagal 28 An scéim feidhmíochta a chur chun feidhme
Chun an scéim feidhmíochta a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais mhionsonraithe agus nósanna imeachta mionsonraithe i leith Airteagal 21(4) agus Airteagail 22 go 27, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 (a)
|
pleananna feidhmíochta a ullmhú, a fhorbairt agus a fhormheas agus measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu;
|
|
Airteagal 28 (b)
|
spriocanna feidhmíochta a shocrú, na critéir agus na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na spriocanna le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus modheolaíocht chun luachanna miondealaithe a shainiú;
|
|
Airteagal 28 (c)
|
prionsabail ghinearálta maidir le leithdháileadh na gcostas coiteann idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt, dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l);
|
|
Airteagal 28 (d)
|
faireachán a dhéanamh ar phleananna feidhmíochta, ar fheidhmíocht feidhmeanna gréasáin, ar shásraí foláirimh chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna agus spriocanna feidhmíochta agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le linn tréimhse tagartha agus bearta ceartaitheacha dá dtagraítear in Airteagail 21(4), 23, 24, 25 agus 27 a eisiúint;
|
|
Airteagal 28 (e)
|
na tráthchláir le haghaidh na nósanna imeachta go léir;
|
|
Airteagal 28 (f)
|
sásra chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais, dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (m);
|
|
Airteagal 28 (g)
|
príomhtháscairí feidhmíochta agus táscairí le haghaidh faireacháin a shocrú. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún príomhtháscairí feidhmíochta a shocrú le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bpríomhréimse feidhmíochta na haeráide agus an chomhshaoil a luaithe is féidir táscairí a bhunú atá bailí, iontaofa agus intomhaiste. Beidh na táscairí sin in ann, ar a laghad, na tionchair sa réimse sin ar féidir leis na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tionchar díreach a imirt orthu a léiriú agus a thomhas;
|
|
Airteagal 28 (h)
|
modheolaíocht le haghaidh tagarmharcála;
|
|
Airteagal 28 (i)
|
na scéimeanna dreasachta;
|
|
Airteagal 28 (j)
|
coinníollacha maidir leis na pleananna feidhmíochta comhpháirteacha a bhunú.
|
|
Airteagal 28 2
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|