+Airteagal 44 Sonraí agus faisnéis a mhalartú trí IMI
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
---+Airteagal 44 4.
---+Airteagal 44 5.

Airteagal 44 Sonraí agus faisnéis a mhalartú trí IMI

Sonraí agus faisnéis a mhalartú trí IMI

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1.
Maidir le malartú sonraí agus faisnéise a bhaineann le cineálcheaduithe AE idir na húdaráis náisiúnta, nó idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún i gcreat an Rialacháin seo, déanfar an malartú sin i bhformáid leictreonach trí IMI.
Airteagal 44 2.
Baileofar go lárnach aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le cineálcheaduithe AE a deonaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus don Choimisiún í trí IMI.
Airteagal 44 3.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh IMI an méid seo a leanas freisin:

(a) 

é indéanta sonraí agus faisnéis a mhalartú idir monaróirí nó seirbhísí teicniúla, ar thaobh amháin, agus údaráis náisiúnta nó an Coimisiún, ar an taobh eile;

(b) 

rochtain a chur ar fáil don phobal ar shonraí agus ar fhaisnéis áirithe a bhaineann le torthaí cineálcheaduithe agus le torthaí maidir le faireachán a rinneadh ar innill inseirbhíse;

(c) 

i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch é, agus i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, saoráidí a chur ar fáil maidir le haistriú uathoibríoch sonraí idir bunachair sonraí náisiúnta atá ann cheana agus IMI.

Airteagal 44 4.
Beidh úsáidí IMI dá dtagaítear i mír 3 roghnach.
Airteagal 44 5.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na ceanglais mhionsonraithe theicniúla agus na nósanna imeachta atá riachtanach chun IMI a idirnascadh leis na bunachair sonraí náisiúnta amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas