+Airteagal 61 Leasú ar Threoir 97/68/CE

Airteagal 61 Leasú ar Threoir 97/68/CE

Airteagal 61

Leasú ar Threoir 97/68/CE

Leasaítear Treoir 97/68/CE mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 9(4a), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit a údarú, arna iarraidh sin ag OEM, go ndéanfar na hinnill a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí Chéim III A a chur ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil na hinnill sin beartaithe le suiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bheidh le húsáid in atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach, faoi mar a shainítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

Cuirfidh monaróirí ar fáil don údarás ceadúcháin fianaise go bhfuil na hinnill suiteáilte go heisiach in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a bhfuil sé deimhnithe ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais sin. Greamófar lipéad ar a bhfuil an téacs ‘Inneall le haghaidh úsáid shrianta in innealra a mhonaraigh’, á leanúint ag ainm an OEM agus tagairt uathúil an mhaolaithe lena mbaineann d'aon innill den sórt sin, in aice leis an marcáil reachtúil innill a leagtar amach i roinn 3 d'Iarscríbhinn I.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit cineálcheadú a dheonú agus údarú a thabhairt chun innill de chatagóir RLL a chur ar an margadh ag a bhfuil uas-ghlanchumhacht níos mó ná 2 000  kW agus nach gcomhlíonann na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a bheidh le suiteáil in innill féinghluaiste nach dtéann ach ar ghréasán iarnróid 1 520  mm atá iargúlta go teicniúil. Comhlíonfaidh na hinnill sin, ar a laghad, na teorainneacha astaíochtaí ar ghá d'innill a chomhlíonadh chun go gcuirtí ar an margadh iad an 31 Nollaig 2011.

(2) 

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar innill atá suiteáilte in innealra buainte cadáis.”.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas